RTÉ Guide

A look back at the life of traditiona­l music legend Johnny Connolly.

-

7.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cailleadh an ceoltóir Johnny Connolly ag deireadh mhí na Nollag. Anocht, ar an gclár Ceol Binn ó na Beanna ag 7.00pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh clár speisialta ag Neansaí Ní Choisdealb­ha dúinn i gcuimhne agus in ómós dó.

Beidh míreanna cartlainne aici le Johnny féin, agus cloisfimid daoine eile ag cur síos ar an bhfear uasal, ceolmhar seo.

Rugadh Johnny in Inis Bearacháin i gConamara i 1944 agus is ansin a chas sé an mileoidean den chéad uair ariamh.

Chuaigh sé ar imirce go Preston, Sasana nuair a bhí sé 17 bliain d’aois, agus d’fhill sé ar Éirinn i 1976 lena bhean agus a chlann agus chuir siad fúthu i gCor na Rón Láir in Indreabhán.

Thosaigh Johnny ag casadh ar an mbosca ceoil BC sna blianta sin, agus bhí sé ag obair ar fud na tíre le comhlacht tógála, nó gur tharla timpiste dó a chiallaigh go raibh deireadh lena shaol oibre.

I 1990, agus é ar thuras go dtí an Fhéile Idirnáisiú­nta Ceilteach i Lorient leis an ngrúpa “Conamara 90” a thosaigh sé ag casadh an mileoidean arís, agus is ina dhiaidh sin a fuair sé an cháil mar ‘Rí an Mhileoidin’.

Thug sé an uirlis sin ar ais isteach sa gceol traidisiún­ta mar bhí an mileoidean caite go leathaobh ag go leor daoine nuair a tháinig an bosca BC.

Chuir glúin nua ceoltóirí suim i gceol ársa an mhileoidin agus tháinig borradh agus fás air arís, a bhuíochas do Johnny Phádraig Phíotair Thomais Mhicil Thaidhg nó JPPTMT mar a déarfadh sé féin!!

Legendary traditiona­l musician Johnny Connolly, known as ‘ The King of the Melodeon’, died at the end of December, and tonight host Neansaí Ní Choisdealb­ha brings us a special programme in his memory.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland