RTÉ Guide

Siúlach Scéalach

-

8.00pm

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Sa bhliain 1960 fógraíodh go raibh Oileán Inis Airc, oileán Gaeltachta in aice le hInis Bó Finne amach ó chósta na Gaillimhe, le bánú.

Chuaigh Proinsias Ó Conluain ó Radio Éireann ann le muintir an oileáin a thaifeadad­h.

Chomh maith leis sin, scríobh sé mion-chuntas ar a bhfaca sé – bás oileáin, bás teanga agus uaigneas daoine a d’fhulaing go leor tubaistí farraige.

Scríobh sé: “Tom Lacey an fear is sine (73) ar Inis Airc. É tugtha don mhachnamh (na mic a cailleadh ar an fharraige go mór mhór).

Cainteoir maith Béarla – níl sé chomh líofa sa Ghaeilge. Beag duine nár chaill duine muintearth­a ar an fharraige”.

Tá cuntas Phroinsias Uí Chonluain chomh tábhachtac­h leis na taifeadtaí a rinne sé, agus beidh sé á léamh ag Brian Mullen dúinn ar an chlár seo inniu. Láithriú: Ian Lee.

Ian Lee presents this show, which reflects on Proinsias Ó Conluain’s trip to the Gaeltacht island of Inishark off the coast of Galway, after the island was evacuated in 1960.

There he recorded the few remaining islanders for Radio Éireann, offering unpreceden­ted insight into the dying island, its people and their language.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland