RTÉ Guide

Inis Oirthear: Cuimhní agus Comhrá

-

11.00am

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ba é Inis Oirthear, amach ó chladaigh Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill, an chéad cheann de na hoileáin sa bháigh sin a tréigeadh, nuair a d’fhág muintir Khit Phaidí, an teaghlach deireanach, le dhul go tír mór sna caogaidí.

Mheall an saol nua-aimseartha agus compord na dtithe bhreátha bunadh an oileáin ar fad le fágáil agus cur fúthu ar tír mór.

Sa chlár seo, cluinfidh muid míreanna cartlainne atá roghnaithe ag Áine Ní Bhreisleái­n ó na seachtóidí go 2007, inár labhair oileánaigh faoin tógáil agus an saol a bhí acu, gan leictreach­as, uisce reatha nó siopa ar an oileán.

Cluinfear scéalta fá bhád a cailleadh ar charraigea­cha Inis Oirthear, seachadadh post ‘un oileáin, tionscail na hiascairea­chta agus na cleamhnais a rinneadh idir lánúin ar na hoileáin.

Áine Ní Bhreisleái­n brings us archive interviews with the Inis Oirthear community – whose island home off the coast of Gaoth Dobhair was one of the first islands in the bay to be abandoned in the 1950s.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland