Máirtín Ó Cadhain – An Fear Polaitiúil
5.05pm
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Sa chlár seo faoi scríbhneoireacht Mháirtín Uí Chadhain, déantar scagadh agus plé ar a chuid scríbhinní polaitiúla.
Ó bhí sé ina fhear óg, bhí an Cadhnach gníomhach san IRA agus chaith sé tréimhse i ngéibheann i gcampa an Churraigh sna daichidí dá bharr.
Bhí tionchar nach beag ag a chuid scríbhinní agus a chuid paimfléid pholaitiúla ar dhaoine go leor agus sa chlár seo, cíorann painéal cainteoirí a chuid scríbhinní polaitiúla faoi chathaoirleacht Sheosaimh Uí Chuaig.
Ina chuideachta bhí Máire Ní Neachtain, Mícheál Ó hEidhin agus Nollaig Ó Gadhra.
Seosamh Ó Cuaig and panellists including Máire Ní Neachtain, Mícheál Ó hEidhin and Nollaig Ó Gadhra discuss the political pamphlets and articles of writer Máirtín Ó Cadhain.
He was an active member of the IRA since he was a young man in the 1920s, and was interned in the Curragh during the Second World War.