Summer Schedule
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá sceideal an tsamhraidh ar an aer anois ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus rogha breá clár le cloisteáil ann. Beidh Caoimhín Ó Sé ar ais le Tobar an Cheoil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15am, agus san iarnóin ó 2.00pm go 4.00pm beidh Binneas Béil le cloisteáil, agus is iad Áine Hensey agus Pádraig Ó Sé a bheas sa chathaoir.
Beidh deis ag éisteoirí an podchraoladh Beo ar Éigean a chloisteáil gach maidin Shathairn ag 10.00am nuair a chuirfidh Siún, Sinéad agus Áine ag gáire agus ag machnamh muid. Beidh na healaíona fós faoi chaibidil ag Tristan Rosenstock agus a chuid aíonna maidin Dé Sathairn, ach ag 11.00am sa samhradh. Beidh roinnt cláracha cartlainne le cloisteáil freisin.
Tá an-tóir go fóill ag éisteoirí ar an gclár Leagan Cainte, plé ar chora cainte agus ar fhocail Ghaeilge, le Seosamh Ó Cuaig, Eibhlín Ní Mhurchú agus Dónall Ó Baoill, faoi chathaoirleacht Liam Mhic Con Iomaire agus beidh sé le cloisteáil De hAoine ag 4.30pm. Beidh sraith iontach ceoil freisin, Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin, Dé Domhnaigh ó 11.00pm go 1.00am, agus aoi sa stiúideo le Fiachna chun bliain faoi leith a phlé, an ceol agus na cuimhní cinn a bhain leis. É sin agus neart eile.
RTÉ Raidió na Gaeltachta’s summer schedule is now on air, with a wide range of great programmes to tune in for.
Caoimhín Ó Sé will be back with music programme Tobar an Cheoil weekdays at 10.15am, and Áine Hensey and Pádraig Ó Sé present Binneas Béil at 2.00pm Monday to Friday.
The Beo ar Éigean podcast broadcasts on Saturday mornings at 10.00am, and the popular Leagan Cainte series will be rebroadcast due to demand.