An taobh Tuathail
10.00pm
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Anocht ar An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 10.00pm, beidh réamhbhlaiseadh den cheol atá le cloisteáil ar an An Taobh Tuathail Volume 9, seinnliosta atá curtha i dtoll a chéile ag Cian Ó Cíobháin dá chuid éisteoirí, le cloisteáil.
Beidh sé ar fáil ar Spotify ón lá amárach, 9/9. Beidh thart ar 120 rian air, os cionn deich n-uair an chloig de cheol, rogha de na traiceanna is fearr a thaitin le Cian ón gclár le bliain nó dhó anuas.
Ar na ceoltóirí dúchasacha a bheas le cloisteáil ar ATT
Vol 9, beidh Elma Orkestra, A Lilac Decline, Art Of Algebra, Muireann Nic Amhlaoibh, Elaine Howley, Natalia Beylis, Aoife Nessa Francis, Maria Somerville, Rachael Lavelle, Mark WaldronHyden, Sunken Foal, Brigid
Mae Power, Kelan Galligan, David Kitt agus Mount Alaska.
Ar an rogha de cheoltóirí idirnáisiúnta, beidh Peter Gordon, Carla dal Forno, Yves Tumor, Mica Levi, Lanark Artefax, Squarepusher, Oliver Coates, Floating di Morel, Sarah Davachi, Umberto, Mary Lattimore, The Books, Bjarki, Laurence Pike agus Craven Faults.
Agus níl ansin ach cuid acu. Lean Cian Ó Cíobháin ar na meáin shóisialta don nasc don seinnliosta.
Cian Ó Cíobháin plays listeners a selection of the music he has chosen to include on the latest compilation of music from the show, the playlist An Taobh Tuathail Volume 9, available from tomorrow on Spotify.
There are about 120 tracks on it, including music from Elma Orkestra, A Lilac Decline, Art Of Algebra, Muireann
Nic Amhlaoibh, Elaine Howley, Natalia Beylis, Peter Gordon, Carla dal Forno, Yves Tumor, Mica Levi, Lanark Artefax, Squarepusher, Oliver Coates, Floating di Morel and more.