RTÉ Guide

Iris Aniar

-

9.15am

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bíonn scéalta phobail an iarthair, i ngaillimh agus i Maigh Eo, agus pobal Ráth Cairn i gco na Mí le cloisteáil ar an gclár Iris Aniar ó Luan go haoine ag 9.15am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is í Fionnuala Uí Neachtain a chuireann an clár i láthair.

Is as Gleann ‘ach Muirinn d’fhionnuala ó dhúchas, ach tá sí ina cónaí anois i mbéal an Daingin lena fear agus a clann.

Chaith Fionnuala roinnt mhaith blianta ag obair leis an gcomhlacht teilifíse Telegael sa Spidéal, agus tar éis di BA sa Chumarsáid a bhaint amach le hollscoil na héireann, Gaillimh, tháinig sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta mar Chlár Reachtaire.

Tá taithí aici a bheith ag obair i ngach coirnéal den teach ó shin, ach is í atá sa chathaoir don chlár Iris Aniar anois le cúpla bliain anuas, agus bhí sí ina ball d’fhoireann an chláir freisin roimhe sin.

Bíonn plé ar an gclár ar na scéalta is mó atá i mbéal an phobail i gceantair Ghaeltacht­a san iarthar agus i gco na Mí, chomh maith le hagallaimh fhada le pearsain éagsúla ón gceantar, eolas faoi imeachtaí, ceol beo agus neart eile.

Sin Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Luan go haoine ó 9.15am go 10.15am.

Lean iad ar na meáin shóisialta freisin @Irisaniar.

Fionnuala Uí Neachtain brings us the news and events from the west of Ireland Gaeltacht areas, and the Meath Gaeltacht of Ráth Cairn. Tune in for coverage of the big regional stories, feature interviews, live music and more.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland