Ciúnas i gceann Dubhrann
11.00am
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Sa chlár faisnéise Ciúnas i gceann Dubhrann ag 11.00am inniu ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, scrúdaíonn Damien Ó Dónaill an scéal a bhaineann le druid Scoil Náisiúnta Rann na Feirste i dtír Chonaill caoga bliain ó shin.
Bhí polasaí ag rialtas na huaire scoltacha beaga a dhruid, agus thapaigh siad an deis Scoil Rann na Feirste a dhruid sa bhliain 1970 nuair a tháinig titim ar líon na ndaltaí.
Rinneadh comhnascadh le Scoil Naomh Dubhaigh in Anagaire, ceantar a bhí an-difriúil san am go teangeolaíoch ó Ghaeltacht láidir Rann na Feirste.
Chothaigh sé seo scoilt mhór sa phobal, mar go raibh go leor daoine a shíl go raibh a gcearta á gceilt ar na páistí oideachas a fháil sa bhaile ina dteanga dúchais. Sa chlár seo, déanfaidh Damien Ó Dónaill cur síos dúinn ar stair na scoile, a bunaíodh sa bhliain 1869, mar a rinne an rialtas an scoil a dhruid i dtús na seachtóidí agus an feachtas a cuireadh ar bun chun an scoil a athoscailt.
Labharfaidh sé le hiar-scolairí, le príomhoide reatha na scoile, Pól Ó Rúiséil, agus cloisfidh muid míreanna luachmhara stairiúla ó chartlanna RTÉ agus Raidió na Gaeltachta.
A documentary about the history of the Rann na Feirste National School in northwest Donegal, which was closed by the government in 1970, but the community would go on to successfully campaign to have it reopened again in 1972.
The programme gives us the history of the school, founded in 1869, how it came to be closed, the campaign to reopen the school, and we’ll hear memories of their schooldays from past pupils, as well as valuable historic archive clips.