Spórt beo ar RTÉ Rnag gach deireadh seachtaine
From 2.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá na cluichí Gaelacha ar ais! Cé go raibh fanacht fada orainn agus gur airigh muid uainn iad, tá na socruithe déanta agus roinnt de na comórtais faoi lán tseoil cheana féin.
Tá na boscaí craoltóireachta agus na micreafóin sciúrtha, glanta agus tá foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar ais ar an mbóthar agus i mbun tráchtaireachta ar chluichí ó cheann ceann na tíre.
Beidh cluichí sraithe náisiúnta na bhfear agus na mban le cloisteáil ar chláracha spóirt an stáisiúin chuile dheireadh seachtaine as seo amach.
Tiocfaidh deireadh leis na sraith chomórtais ag deireadh mí an Mheithimh agus ina dhiaidh sin beidh siad ag craoladh na cluichí craoibhe.
Meastú an mbeidh foirne ar bith in ann an ceann is fearr a fháil ar fhir agus ar mhná Áth Cliath sa bpeil? An mbeidh Luimneach in ann seilbh a choinneáil ar Chorn Mhic Cárthaigh agus an mbeidh mná Chill Chainnigh in ann an dara Craobh Camógaíochta as a chéile a ghrúchtáil? Freagrófar na ceisteanna sin i rith na bliana!
Don tráchtaireacht agus don anailís is fearr, coinnigh cluais le cláracha spóirt RTE Raidió na Gaeltachta, Spórt an tsathairn ó 2.00pm – 6.00pm, Reacaireacht an Tráthnóna ar thráthnóntaí Satharn ó 7.00pm – 9.15pm agus Spórt an Lae chuile Dhomhnach ó 1.45pm – 6.00pm. Lean ar Twitter iad @Sportrnag.
The Gaelic games are back! It’s been a long time coming, but the RTÉ Raidió na Gaeltachta sports team is back on the road to bring listeners top class commentary and analysis on matches across the country every weekend.
Tune in to the best sports coverage every Saturday from 2.00pm on Spórt an tsathairn, from 7.00pm for evening xtures on Reacaireacht an Tráthnóna, and from 1.50pm on Sundays for Spórt an Lae. Follow them on Twitter @Sportrnag