An Seisiún
7.00pm
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cuirfear tús inniu ag 7.00pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le sraith úrnua den chlár An Seisiún, a fuair ainmniúchán ag Gradaim Raidió IMRO cúpla bliain ó shin. Sa tsraith seo, cuirtear triúr ceoltóirí le chéile i stiúideo ar feadh 12 uair an chloig agus é de rún acu trí amhrán nua i ngaeilge a scríobh agus a thaifeadadh sa tréimhse ama sin.
Cloisfidh an lucht éisteachta na grúpaí i mbun oibre, agus mar a éiríonn leo teacht le chéile chun an sprioc a bhaint amach, le cuidiú ón léiritheoir ceoil aitheanta Karl Odlum.
Roghnaítear ceoltóirí ó chúlraí éagsúla ceoil le bheith ag obair le chéile, rud a chiallaíonn go mbíonn toradh faoi leith leis an dua. In eagrán 1 inniu, is iad laoch Chorcaí John Spillane, an t-amhránaí as Conamara Róisín Seoighe agus an geabaire as Cill Mhantáin Oisín Mac Giolla Bhríde a bheidh le cloisteáil.
In eagrán 2 an tseachtain seo chugainn, beidh an fidléir Bernadette Nic Gabhann, Daidí (féincheaptha!) Reggaelton USHMUSH agus an t-amhránaí iomráiteach TADHG.
Is iad Cian Mac Cárthaigh agus Lisa Mcgeough láithreoirí agus léiritheoirí na sraithe.
Tá an tsraith arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na héireann mar chuid den scéim Fuaim
& Fís. B’éigean stop a chur le taifead na sraithe de bharr na srianta sláinte poiblí, ach tá súil an na heagráin eile a thaifead níos deireanaí sa bhliain.
A brand new series of this IMRO Radio Award-nominated programme starts today. This innovative show puts three musicians into a recording studio, tasked with writing and recording three new songs in Irish over a 12-hour period.
This opener features Cork’s own John Spillane, Conamara singer-songwriter, Róisín Seoighe and Wicklow rapper, Oisín Mac Giolla Bhríde.