Malairt Poirt le Muireann
7.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá Muireann Nic Amhlaoibh ar ais le sraith nua den chlár Malairt Poirt le Muireann gach Satharn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.00pm go 9.00pm, ag tosú ar an 6 Samhain.
Mar is eol d’éisteoirí na sraithe seo, bíonn an-éagsúlacht sa cheol a bhíonn ag Muireann dúinn gach seachtain ó cheithre hairde an domhain.
Is amhránaí agus ceoltóir aitheanta í Muireann, agus tá cur amach aici ar ghrúpaí agus ar cheoltóirí thoir, thiar, thuaidh agus theas óna cuid blianta ag tabhairt camchuairt an domhain le grúpaí éagsúla agus mar cheoltóir aonair freisin.
Is breá léi an ceol seo a roinnt leis na héisteoirí ar an gclár Malairt Poirt gach seachtain, agus tá sí ag súil le bheith in ann é sin a dhéanamh arís anois sa tsraith nua den chlár.
I measc an cheoil a bheas aici dúinn anocht ar a céad oíche ar ais sa chathaoir, beidh traic ó Iarla Ó Lionáird, Úna Monaghan agus Kevin Murphy óna gcamchuairt le Music Network le déanaí; beidh ceol nua ó Dháithí, dléir agus léiritheoir ceol leictreonach ó Cho. An Chláir; beidh Camélia Jordana agus Albin de la Simone aici ón Fhrainc; beidh traic nua aici ó Moxie ó Shligeach; agus ceol ón bhfionlainn, ón Mheánoirthear agus as Albain.
Níl teorainn ar bith leis an gcineál ceoil a bhíonn le cloisteáil ar an gclár seo, ó cheol tíre, go ceol domhanda, go ceol fíor-nuálach, ach bí cinnte i gcónaí gur ceol fíor-mhaith a bheas ann. Lean Muireann @ Muireannnic ar Twitter agus @ muireann_nica ar Insta.
Muireann Nic Amhlaoibh is back with a new series of Malairt Poirt le Muireann every Saturday.
File under great eclectic music – a mixture of folk, alternative and experimental music from Ireland and around the world.