Eachtraigh Dom
2.05pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Beidh Gerry Motherway faoi agallamh inniu in eagrán speisialta den chlár
Eachtraigh Dom ag 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bheadh aithne mhaith ag éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Gerry mar a mbíodh sé le clos ar An Saol ó Dheas ag léirmheastóireacht ar dhrámaí in amharclanna i gcathair Chorcaí, agus ag roinnt scéalta na cathrach ar an gclár Camchuairt.
Le cúpla bliain, tá Gerry Motherway buailte leis an ngalar MSA (Multiple System Atrophy) agus dá réir tá sé i dtigh altranais anois mar a bhfuil cóir agus aire á thabhairt do.
Ní raibh sé ach 72 nuair a bhuail an galar é, agus tá lúth na ngéag agus na gcos ag teip.
Ó Chluain Umha do Gerry ó dhúchas & deineann sé cur síos do Phádraig Ó Sé sa chlár seo inniu ar an slí atá a shaol athraithe ó bhonn ag an ngalar MSA, agus freisin ar an saol sular bualadh tinn é.
Múinteoir Gaeilge agus Béarla a bhí ann, agus thug sé 30 bliain ag múineadh i gcoláiste na Mumhan,
Béal Átha an Ghaorthaidh.
Thug sé seal ag teagasc, leis, i Scoil na mbráithre i Mainistir na Corann agus i gcoláiste Pobail na Dúglaise.
Bhí a chroí ariamh i gcúrsaí drámaíochta, agus caith sé tríocha bliain ag aisteoireacht le Compántas Chorcaí.
Labhrann sé le Pádraig san agallamh, leis, faoin bhfadhb óil a bhí aige, agus faoin aithne a bhí aige ar laoch iomána Chorcaí, Christy Ring.
Listeners would be very familiar with Gerry Motherway, who was a regular contributor on programmes An Saol ó Dheas and Camchuairt for years.
A few years ago, Gerry was diagnosed with MSA, and in this special edition of the show, Pádraig Ó Sé interviews him about his life, both before and since the diagnosis.