An tseachtain le Máirín Ní Ghadhra
10.00am RTÉ Raidió na Gaeltachta
Beidh An tseachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag teacht beo as cathair Dhoire Dé Sathairn 29 Eanáir ag 11.00am agus Dé Domhnaigh 30 Eanáir ag 10.00am, cothrom an lá caoga bliain ó shin a tharla eachtraí tubaisteacha Dhomhnach na Fola.
Ar an lá sin, reáchtáil Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann mórshiúl agóide sa chathair ag cur i gcoinne imtheorannú gan triail.
Scaoil saighdiúirí Sasanacha leis an slua i dtaobh an Bhogaigh, agus mharaigh siad 13 duine an lá sin, agus fuair duine amháin eile bás tamall ina dhiaidh sin de bharr a chuid gortaithe. Gortaíodh 14 duine eile san eachtra.
Ar An tseachtain le Máirín Ní Ghadhra Dé Sathairn beidh Malachy Ó Néill, Séanna Ó Coinn agus Pádraig Mac Congail i gcuideachta Mháirín agus iad ag plé Doire sa lá atá inniu ann.
Ansin, Dé Domhnaigh tabharfar an lá féin agus a oidhreacht chun cuimhne, agus beidh plé ar pholaitíocht chomhaimseartha na cathrach.
Ar an bpainéal Dé Domhnaigh beidh, Tony Doherty, Gearóid Ó headhra, Donncha Macniallais agus Mary Delargy.
Beidh na cláracha á gcraoladh beo ó Chultúrlann Uí Chanáin i gceartlár an bhaile.
The show broadcasts live from Derry on Saturday at 11.00am and on Sunday at 10.00am, to mark 50 years since Bloody Sunday on January 30, 1972.
Thirteen people were killed that day by British soldiers, and 15 were injured, one of whom died later of his injuries.
On Saturday, the programme focuses on the city of Derry today, and Sunday’s programme re ects on the events of that terrible day, and its legacy.