Cuan an Cheoil
7.00pm RTÉ Raidió na Gaeltachta
Is iad Mairéad Ní Mhaonaigh agus a hiníon Nia Byrne a bheas i gcuideachta Liam Uí Mhaonlaí do chlár na seachtaine seo sa tsraith nua Cuan an Cheoil agus iad ag casadh ceoil agus ag comhrá le chéile.
Rugadh agus tógadh Mairéad Ní Mhaonaigh i gceartlár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair, i ndún na ngall. D’fhoghlaim sí a cuid amhrán agus ceoil óna hathair Proinsias Ó Maonaigh agus a máthair Cití Ní Ghallchóir.
Is fidléir agus amhránaí den scoth í i stíl a ceantar dúchais, agus aithne uirthi go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta as feabhas a cuid ceoil. Bhunaigh Mairéad an banna ceoil traidisiúnta Altan lena fear céile Frankie Kennedy, nach maireann, siar sna hochtóidí, agus tá an domhan siúlta aici leis an sárghrúpa ceoil sin ó shin.
Is fidléir agus amhránaí den scoth í a hiníon Nia freisin, agus tá sí ina cuideachta inniu ar a gclár seo.
Beidh sruthú ar líne ar an gclár seo freisin le fáil ar mheáin shóisialta RTÉ Rnag, ar an suíomh idirlín agus ar rte.ie/gaeilge. Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na héireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.
This week, Liam Ó Maonlaí is joined by Mairéad Ní Mhaonaigh and her daughter Nia for music and conversation.
Mairéad was born and raised in the heart of the Gaeltacht in Gaoth Dobhair, Co Donegal. She learned her music and songs from her father Proinsias Ó Maonaigh and her mother Cití Ní Ghallchóir. She’s a gifted fiddler and singer in the style of her home county, and is known nationally and internationally for her musical talent.
Mairéad founded the band Altan in the 1980s with her husband Frankie Kennedy, who has since passed away. Since then, she has also travelled the world with Altan.
Her daughter Nia is also a talented singer and fiddler.