RTÉ Guide

Barrscéalt­a

11.00am RTÉ Raidió na Gaeltachta

-

Mar chuid de chamchuair­t RTÉ Raidió na Gaeltachta do cheiliúrad­h caoga bliain an stáisiúin, beidh an clár Barrscéalt­a ag craoladh beo ó Árainn Mhór ar an Aoine Bealtaine 20.

Beidh Other Voices ar siúl ar Árainn Mhór ar an Déardaoin 19 Bealtaine, agus ansin leanfaidh an ceol agus an spraoi don deireadh seachtaine le Féile Róise Rua, agus beidh go leor de na haíonna a bheas páirteach san fhéile, agus cuid den lucht eagraithe, le cloisteáil ar an gclár Barrscéalt­a beo ó thábhairne cáiliúil Early’s ar an oileán ag 11.00am Dé haoine.

Cuireadh tús le Féile Róise Rua i 2018 mar fhéile dheonach pobail, chun traidisiún cheoil agus amhránaíoc­hta an oileáin a athbheocha­n, go háirithe ceol an amhránaí agus an bhailitheo­ra amhrán áitiúil, Róise Rua.

Ar chlár imeachtaí fhéile na bliana seo, beidh ceol ó chuid de na ceoltóirí is fearr in Éirinn, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Helen Diamond, Tríona Ní Dhomhnaill, Jimmy Canavan, Saileog Ní Cheannabhá­in, Seosamh Ó Neachtain agus tuilleadh nach iad. Ar an gclár inniu, beidh Michelle Nic Grianna ag comhrá le pobal an oileáin agus le lucht na féile, faoin ócáid, agus beidh ceol beo den scoth le cloisteáil ag na héisteoirí.

On Friday May 20, as part of a series of special programmes to celebrate 50 years on air for the station, RTÉ Raidió na Gaeltachta’s Barrscéalt­a show is live from Árainn Mhór Island o the coast of Donegal, for the Féile Róise Rua festival.

Join Michelle Nic Grianna and the team for the programme featuring interviews with festival special guests and organisers, as well as the local community, and fantastic live music.

 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland