RTÉ Guide

Panna cotta de sheacláid bhán agus fanaile le sútha talún, basal agus brioscáin chnónna cócó

White chocolate and vanilla panna cotta with strawberri­es, basil and coconut snaps

-

“Úsáid bainne cnó cócó maith anseo, a airde an méid cnó cócó is ea is fearr an blas cnó cócó. Is féidir leat do bhainne cnó cócó féin a dhéanamh as bloc cnónna cócó buailte, déanfaidh 100g cnónna cócó buailte curtha ar bogadh i 300ml uisce fiuchta 400ml de bhainne cnó cócó.”

DÍOL SEISEAR ANRAITH PANNA COTTA

400g canna bainne cnó cócó maith

100gim cacó

50ml bainne soighe

70g órshúlach, síoróip mhailpe nó agáibhe

Pinse salainn

2g púdar agair [1 tsp chothrom]

2 tsp úsc fanaile nó síolta as pónaire fanaile amháin

SÚTHA TALÚN AGUS BASAL

300g sútha talún úra [meáchan agus iad scilte agus mionghearr­tha]

60g siúcra reoáin i

3 -4 duilleog basal úr

Sú leath-líomóide

BRIOSCÁIN CHNÓNNA CÓCÓ

40g demerara

40g órshúlach

40g im veigeánach ardchóimhe­asa

40g plúr bán

Pinse salainn

25g cnó cócó triomaithe

Ag teastáil uait; 3 sáspan beag, greadtóir, múnlaí sileacóin nó tráidire muifíní líneáilte le scannán cumhdaithe don panna cotta, 2 thráidire líneáilte le párpháipéa­r le haghaidh brioscaí

MODH

1 Is oideas simplí é seo, ach ní mór an panna cotta a dhéanamh roimh ré agus teastaíonn beagán ama ó na páirteanna eile le fuarú. Tosaigh leis an panna cotta. Cuir an bainne cnó cócó, im cacó, milseoir leachtach agus salann i gceann de na sáspain ar mheánteas. Déan é seo a théamh go dtí suanbhruit­h leanúnach agus buail é go mbeidh an t-im cacó ar fad leáite. Agus é ag suanbhruit­h, buail isteach an púdar agair, ardaigh an teas beagán agus fiuch ar feadh tuairim is 30 soicind agus tú á bhualadh an t-am ar fad. Tóg den teas agus cuir isteach an fanaile.

2 Doirt an meascán isteach i gcrúiscín agus seiceáil an bhfuil tuairim is 600ml agat agus cuir ruainne bainne soighe leis mura bhfuil. Buail an meascán arís le déanamh cinnte go gach rud measctha isteach go cothrom. Doirt an meascán isteach i 6 múnla polacarbón­áite agus fág i leataobh le fuarú iad ar feadh 6 uair an chloig ar a laghad nó thar oíche más féidir. Cuir sa reoiteoir iad ar feadh tuairim is 15 go 20 nóiméad sula mbainfidh tú as múnlaí iad le déanamh cinnte go bhfuil na himill sách cruaite. Ná fág sa reoiteoir níos faide ná sin iad mar má reonn siad, millfidh na criostail oighir an uigeacht nuair a leáfaidh siad.

3 Chun na sútha talún a ullmhú, cuir na comhábhair ar fad sa dara sáspán agus déan iad a théamh go dtí suanbhruit­h leanúnach. Fág iad ar mheánteas go teas íseal le cócaráil ar feadh tuairim is 5 go 10 nóiméad, go dtí go dtiubhóidh an siúcra an leacht ach go mbeidh a gcruth fós ar na sútha talún. Fág i leataobh le fuarú go hiomlán.

4 Chun na brioscaí a dhéanamh, déan an t-oigheann a théamh roimh ré go 170 céim. Cuir an tsíoróip, siúcra agus margairín sa sáspan deiridh agus déan an meascán a théamh go dtí suanbhruit­h lag nó go mbeidh an siúcra leáite go hiomlán agus an meascán ag boilgearna­ch go lag. Tóg den teas é ag an bpointe seo mar nach caramal atá uait. Cuir isteach an plúr, salann agus cnó cócó agus measc le chéile. Cuir dabaí den mheascán, agus é fós te, ar na tráidirí. Bácáil ar feadh 10 nóiméad, tóg amach as an oigheann agus fág iad le fuarú agus le cruachan.

5 Nuair atá tú réidh le cur ar an mbord, bain an panna cotta as na múnlaí agus cuir ar phlátaí iad. Croith steall bheag den síoróip sútha talún orthu agus coimeád roinnt sútha talún le cur timpeall na bplátaí. Déan na brioscáin a bhriseadh agus sáigh píosa nó trí isteach sa panna cotta.

 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland