An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra
9.30am
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Beidh an clár á chraoladh beo ó Uimhir 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath inniu, le comóradh a dhéanamh ar Olltoghchán 1918, olltoghchán cinniúnach i stair na tíre.
Cé gur seo Ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge anois, ag an tráth sin ba é ceanncheathrú Shinn Féin é.
Is ann a eagraíodh feachtas toghchánaíochta an pháirtí i 1918, agus is ann a beartaíodh Dáil Éireann a ghairm go luath i 1919.
Is ann, de réir chuntas Sheán T Uí Cheallaigh, a roghnaíodh an t-ainm Dáil Éireann, agus is ann a rinneadh cuid mhaith de na socraithe don chéad chruinniú den chéad Dáil.
Is í Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an clár i láthair inniu.
Máirín Ní Ghadhra hosts today’s show live from 6 Harcourt Street in Dublin, to commemorate the General Election of 1918 – a key moment in Irish history.
The building is now the premises of Conradh na Gaeilge, but prior to that it was the headquarters for Sinn Féin.