The Avondhu - By The Fireside

OÍCHE NOLLAG LE MÁIRE MHAC AN TSAOI

- Eilís Ui Bhriain

“Le coinnle na nAingeal tá an spéar amuigh breactha

Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc

Adaigh an tine is téir chun na leapan

Luífidh Mac Dé ins an tigh sin anocht...”

Is ollmhór athrú atá tagtha ar am Nollag de réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh ach níor chailleama­r an draíocht, atmaisféar speisialta geal atá ag gabháil timpeall an t-am seo den bhliain, bíodh aosóg nó daoine fásta i gceist.

Bhí leabhar álainn foilsithe an Nollaig seo caite darbh ainm ‘Órchiste Nollag’ le Máirín Uí Shé a chaith laethanta a hóige i ndúthaigh na Gaeltachta agus scríobh sí caibidil ana bhríomhar faoin Nollaig ar an mBlascaoid agus ‘an scóp a bhíodh ar a raibh ann aimsir na Nollag, meidhreach­t agus draíocht san aer’ .

Bhíodh gach éinne ag fanacht leis an bPost roimh Nollaig don litir óna ngaolta i Meircheá agus cúpla ‘dollar’ a chabhródh le is an lá mór ag breith siopadóire­achta don bhféasta abhaile ambaist! B’shin iad na laethanta nuair a bhlaiseama­r císte milis, báirín breac, bosca bhrioscaí, liomanáid agus iontaisí nach raibh againn ón Nollaig roimhe!

Bhí an simné glanta do thuras Santy agus sceitiminí ar na pháistí ag súil go mór leis agus gan dabht, níl an nós sin athraithe ar chor ar bith, is í Nollaig na bpáistí go speisialta Í ina lán teaghlaigh agus is deas spiorad agus ruaillke buaille na n-Óg ag feitheamh leis an Oíche Mhór.

Bhíodh coinneal ard, dhearg i ngach fuinneog, cuileann agus eidhneán ar na phictiúirí sa chistin agus tine mhór na móna ag sileadh na lasracha amach tiubh te ag cur dath álainn órga timpeall an tí. Bhuel is dócha go bhfuil an Crann Nollag níos suntasaí ag lonradh ó ghach teach anois agus soilse ioldaite ag scaipeadh scéal na Nollag go hathasach, meidhreach mórthimpea­ll; ssin an pictiúir álainn atá le feiscint ina lán des na chártaí Nollag thar na blianta leis an tine gheal, stocaí ag crocadh ar an mhata ós a comhair agus an cat ina chodladh go suaimhneac­h taobh leis.

Breacann sé orm le díospóirea­cht náisiunta atá go forleathan anois faoi Athrú Aeráide agus an t-imní atá orainn ina thaobh, an mbeidh an fís fíor-álainn sin coistine ag imeacht ó chartaí na Nollag? Deinimis ár ndícheall ar aon nós agus pé rud a tharlóidh, leanfaidh eirí-chroí, fosaid agus scleondar na

Nollag i lár an aonaigh inár measc go fada an lá. Nollaig shona díbhse go léir, fan slán agus go mbeirimíd beo ag an am seo arís...

 ?? ??
 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland