CÚPLA FOCAL
Táim ag léamh leabhair ana shuimiúil faoi láthair darbh ainm “Beatha Pheig Sayers” agus is forlíonadh (supplement) é an leabhar seo don eagrán eile a bhí againn go léir ar scoil “Peig: A Scéal Féin” (1936). Is cuimhin linn go léir abairt i dtosach an leabhair chéanna... “Seanbhean is ea mise, le cos amháin san uaigh agus cos eile ar a bhruach...”
Bhuel chuala mé thar na blianta, go raibh saghas cinnsireachta (censorship) déanta ar scéal Pheig agus go raibh pearsan ana dhifriúil inti, a bhí curtha faoi cheilt ina beathaisnéis; tá sin soiléir a dhóthain san leabhar eile seo, a foilsíodh 1970 agus is léir go raibh pleidhchíocht, greann agus rógaireacht soineanta (innocent) ar bun ag Peig an t-am go léir i ngan fhios don scoláire, a bhí ag gearáint faoina scéal brónach, leadránach, fadálach!
Ba léir go raibh saol cruaidh aici ag obair go dian ó bhí sí ina cailín óg i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin. Ní raibh mórán scolaíochta faighte aici mar bhí uirthi dul ag obair sa Daingean, í ana óg agus dualgas uirthi tabhairt faoi obair feirme a bhí ana chruaidh, gan trua gan taise uirthi.
Labhair sí faoin lá go raibh uirthi bróga tairní a athar a chaitheamh chun beithígh a bhailiú ó Pháirc A’ Leasa agus ós rud é go raibh cóta tiubh sneachta ar an dtalamh chaill sí bróg amháin agus bhí uirthi siúl abhaile ar leathbhróg agus eagla uirthi roimh léasadh teangan óna hathair!
Tá scéalta eile atá ana ghreannmhar sa leabhar seo, seanfhocail, nathanna cainte agus Gaeilge ana dhíreach, simplí. Tá Gaeltaca i gCorcaigh ag díol amach cnúasach leabhar mar seo ar phraghas íseal agus is fiú súil a chaitheamh orthu, tá an liosta agam agus is féidir liom órdú a chur chuchú ach scéal a chur chugam. Ní troimide an ceann an t-eolas!