The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

AIRGEAD ID’ PHÓCA!

Is dócha go bhfuilimíd go léir ag smaoineamh siar ar na laethanta a bhí againn 50 bliain ó shin nuair a bhí deireadh leis an bPúnt uasal airgid le pictiúir an fhia fhiáin (deer) agus dá mbeadh ceann id’ phócha cheapfá go raibh tú ar muin na muice maidir le saibhreas thar bharr.

Is féidir dul siar níos faide ansin chuig aimsir na nótaí leis an bPúnt glas agus nóta 10 scillinge le dath oráiste, an nóta donn 5 phúnt, bhí dath corcra ar an nóta 20 púnt agus san am sin bhí 240 pingin, 12 scilling sa phunt. Bhí na boinn, cianóga ana dheas ansin leis an chearc mhaithriúi­l ar an bpingin, an ghiorria ar an gcianóg 3p, an tarbh ar an scilling agus an capall ar an leathchoró­in agus dá mbeadh scilling sa lámh agat ag dul isteach sa tsiopa, bheifeá ag teacht amach le gabháil fiuntach de mhilseáin chun bheith ag cogaint ar do shlí abhaile.

Is cuimhin liom go deo an lá go bhfuair mé 2 phingin ón mhúinteoir nuair a d’fhreagair mé cúpla ceisteanna i gceart faoi chúrsaí gramadaí sa Ghaeilge! Bhí áthas chroí ionam ag tabhairt aghaidh ar an bhean uasail sa tsiopa chun meascán de mhilseáin ioldaite a cheannach agus iad a roinnt lem’ chlann, comharsain ar an mbóthar abhaile. Go bhfóra

orainn, nach raibh sé an-éasca sinn a shásamh na laethanta sin!

Pé scéal é, nach raibh na sean-chianóga go hálainn ar fad agus iomhá ana dheas gealacha ar ghach aon cheann acu, i gcomparáid leis na euros atá ag rince go héadrom timpeall an sparáin orainn san lá atá inniu ann ach caithimíd athrú leis an aimsir, mar adéarfá agus taithneamh a bhaint as caitheamh an airgid atá sábháilte againn de bharr srianta Covid...

 ??  ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland