The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

AN TÉ A BHUAILEANN MO MHADRA, BUAILEANN MISE

Fuair m’iníon peata mhadra don Nollaig nuair a bhí sí ana óg agus ní raibh sí sásta aon ainm a phiocadh don choileán bheag ghleoite seo ach “Santa”. Bhí a deartháir ag magadh fúithí faoin ainm sin agus a rá leí “cad a dhéarfaidh na comharsain agus tusa ag glaoch ós ard ar ‘Santa’ amuigh sa gháirdín agus an Nollaig imithe fada siar uainn?”.

Níor éist sí leis mar bhí a croí istigh san pheata álainn seo agus d’eirigh gach duine den chlann ana cheanúil ar ‘ Santa’ at an dtort. Bhí mé ag smaoineamh ar sin inné nuair a bhris an nuacht amach go raibh An tUachtarán Micheál tar éis madra nua a fháil don Áras agus é á chur in aithne dúinn ar Nuacht RTÉ ag siúl amach taobh le ‘Bród’ an madra galánta eile. Bhí ana bhrón ar a chlann go léir nuair a fuair an madra eile ‘Síoda’ bás agus tuigim a chás, mar is cosúil le duine eile sa teaghlach iad na peataí dílse seo.

Ghlaoigh sé “Misneach” ar an “Bernese Sléibhe” urnua agus is léir go bhfuil Bród ana shásta lena compánach óg arís agus bród an domhain ar Mhicheál é féin. Táim ag smaoineamh ar Sabina ag rith timpeall an Árais sa tráthnona ag glaoch ós ard ag am dhinnéir don choileán seo “Misneach! Misneach! a chroí, tar isteach dod’ shuipéar!”

Is deas iad na hainmneach­a atá roghnaithe acu ar aon nós dos na bpeataí seo agus is dócha go bhfuil An tUachtarán ag guí go dtabharfai­dh an deascéilín seo eirí-chroí agus misneach dúinne agus go leanaimíd ar aghaidh le dóchas sa chroí ag tacú lena chéile... faoi mar a dheanfaidh “Misneach” don chlann san Áras agus dos na sluaite a thiocfaidh ar chuairt ann nuair a bheidh saol normalach thar nais againn arís.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN

Newspapers in English

Newspapers from Ireland