CÚPLA FOCAL
AN TÉ ATÁ THUAS, ÓLTAR DEOCH AIR...
Tá an lanúin nótálta Harry agus Meghan, le hárdphróifíl i mbéal an phobail i rith na seachtaine agus gach nuachtán scúite chun ceannlíne níos suntasaí a chur amach lá ina dhiaidh lae le gach pioc don scéal is déanaí a chur ós ár gcomhair. Chuirfeadh sé ionadh agus alltacht ort cé chomh tógtha is atá an gnáthphobal le nuacht faoi Theaghlach-Ríoga na Breataine agus caithim a rá go raibh mé féin ag súil go mór le gearrthóg den agallamh cunspóideach sin ar RTÉ ar an Luan seo caite.
Níl dabht ar bith ach go bhfuil cruatan agus fimíneacht (hypocrisy) ag gabháil le saol na Corónach agus tagann sé deacair ar an chéad ghlúin eile dul i dtaithí ar an gcóras atá i bhfeidhm. Ba léir gur tháinig sé corrach, deacair ar Harry glacadh leis seo, go háirithe nuair a d’fhulaing sé uaigneas agus briseadh chroí uafáfach mar bhuachaill óg nuair a fuair a mháthair álainn Diana bás tragóideach; níl dabht ach go raibh a lán ceisteanna ina aigne ó shin gan freagra ar bith ag teacht chuige ach tost scáfar, aisteach.
Tá a dtuairmí féin ag gach éinne, ach ceapaim go bhfuil pearsanacht séimh ionraic ag an bhfear seo ag leanúint le prionsaibil a mháthar in onóir di agus tá súil agam go bhfuil an meon céanna ag a bhean chéile agus go gcloifidh siad araon mar atá siad i ngrá lena chéile..ag éisteacht le Megan ag caint faoi bhrú agus ísle bhrí a d’fhulaing siad, thainig an seanfhocal críonna chun chuimhne
Níl fhios ag éinne ach an duine féin cá luíonn a bhróga air.