The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

UAIGNEAS I LÁR SLUA... THAR LEAR:

“Ar a naoi a chlog an oíche sin a sheol an ‘Naomh Pádraig’ amach on gCaladh Thuaidh, dá bhfeicfeá an méid a bhí sa bhád bán a dhuine! Bhí sé chomh leathan le sráid mhór an Daingin...ba dhóigh leat go raibh muintir na hÉireann ar fad ag tréigean a ndúthaí ar an slua a bhí ar an mbád an oíche sin...nuair a bhí an Cuan amach curtha di bhí slua mór ar an ndeic ag féachaint laistiar díobh ar Bhinn Éadair (Howth) agus e ag sleamhnú uainn sa dorchadas. Bhí daoine ansiúd agus deora ina súile...”

Seo sliocht as bheathaisn­éis le Maidhc Dainín Ó Sé, athair Dhaithí agus é ag cur síos ar imircigh na haoise sin agus é féin ag tabhairt aghaidh ar Londain i ngan fhios dá thuismithe­oirí. D’imigh sé leis o Pharóiste Múrach i nGaeltacht Chiarraí sa bhliain 1942, ar aois 15 dó agus dúirt sé lena mháthair go raibh sé ag dul go Pairc A’ Chrócaigh chun Cluiche Ceannais Peile a fheiscint agus dhean sin mar bhí Ciarraí san iomaíocht! Bhí scéalta Mhaidhc ana ghreannmha­r faoina shaol i bhfad i gcéin óna chlann ach sal sliocht sin thuas, thaispeáin sé an briseadh chroí a d’fhulaing daoine óga nuair nach raibh rogha acu ach imeacht, gan filleadh maidir le cuid acu.

Is cuimhin liom mo mháthair ag cur na mboscaí seamroige chun na Stáit Aontaithe (U.S) chuig mo bheirt aintín agus uncal i Brooklyn agus an ceangal doimhin grámhar a bhí eatarthu, cé nach bhfaca siad a chéile arís riamh. Níor chaill na himircigh sin a ndlúthchea­ngal le tír ghlas na hÉireann, ach bhí orthu an chuid is fearr a dheanamh den scaradh; sílim go raibh meas agus bród acu ar na boscaí glasa seamróige sin leis an bplanda álainn gleoite a tháinig ón gairdín lasmuigh den chistin seascair sa bhaile. Ba mhinic a sheol na gaolta beannachta­í na Féile Pádraig chúchú mar seo agus seo mo ghuí :

Go raibh tú daibhir i mí-ádh agus saibhir i mbeannacht­aí, Go mall ag déanamh namhaid, go luath ag déanamh carad, Ach saibhir nó daibhir go mall ná go luath,

Nach raibh ach áthas agat ón lá seo amach.

 ??  ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland