CÚPLA FOCAL
COINNIGH BEO IN ÚSÁID AGUS CINNTE NACH GCAILLFÍ
Sin an moladh a thagann chugainn ó shaineolaithe sláinte gach aon lá, go háirithe in aimsir Covid agus ceapaim go bhfuil an comhairle sin ag dul i bhfeidhm orainn go léir, beagnach mar feictear óg agus fásta amuigh faoin aer i bhfad níos mó, pé saghas aimsire atá againn, buailimíd bóthar. Tá na srianta dian ar an aosóg gan dabht mar teastaíonn saoirse, cairdeas, siamsaíocht ón aosóg ach don chuid is mó táid ag cloí leis agus buntáistí eile mar chúiteamh dóibh chomh maith bheith ábalta am breise a chaitheamh i dteannta a chéile mar chlann agus díriú isteach ar chaitheamh aimsire eile a thaithníonn leo.
Tá sé tabhachtach dúinne, ‘mar sheanóirí’ bheith gnóthach ag baint triail as rudaí urnua inár saolta freisin ag baint sult as léamh breise, crosfhocail, bacáil, babhta cniotála (agus sin dos na sean-leaids chomh maith!) Is deas liom féin an crosfhocal, “Tráth na gCeist” (Quiz) agus bainim an-taithneamh as an gclár le Jeremy Clarkson ar Virgin Media 1 darbh ainm “Ar mhaith leat bheith id’ Mhilliúnaí?” (Who Wants To Be A Millionaire?) Bíonn tú ag foghlaim agus ag iarraidh buille faoi thuairm a thabhairt mar fhreagra, rud ar mhaithe led’ inchinn ach tá a lán eile ag gabháil leis an gclár sin mar tá pearsanacht an Chigire Jeremy ana chronaitheach (witty), saghas bioranta uaireannta ach ana ghreannmhar.
Is aoibhinn leis nuair atá iomaitheoir (contestant) in ann cómhrá anamúil beomhar a dhéanamh leis agus é/í cráite ag strácáil le deachracht na ceiste; sin gné speisialta den chlár a thaithníonn le lucht féachana, dar liomsa. Bhuel sin nod díbhse anois chun bheith ag faire amach don chéad sraith eile ina bhfeiceann sibh Clarkson mar Mháistir na gCeist agus geallaimse díbh go ndéanfaidh sé maitheas d’aoibh agus d’inchinn ionat in éineacht le cupán deas chócó ag deireadh an lae.