CÚPLA FOCAL
IS CAIRDIUIL IADSAN LUCHT AON CHEIRDE (BIRDS OF A FEATHER FLOCK TOGETHER)
Tá ana ghrá agamsa d’éanlaith na spéire agus ní haon eisceacht é domsa an préachán bocht, an t-éan ‘craosach’ dar lena lán daoine atá ag iarraidh breith ar aon phioc bhia atá caite amach dos na héiníní beaga. Feicim na préacháin i dteannta a chéile, ag tabhairt aire dá chéile agus ag caint go hárdghlórach ag eitilt ina ngrúpaí le chéile agus go háirithe ag sealgaireacht (foraging) go fíochmhar don chlann óg.
Deireann na saineolaithe go bhfuil an préachán ana chliste ar fad agus go bhfuil inchinn ana mhór ina cheann, inchinn atá ar aon chéim leis an moncaí (great ape); sin ainmhí atá níos cliste ar domhan de réir taighde. Chonaic mé an t-éan seo ar thaobh an bhóthair ag iarraidh blúirín bhia a chur ós comhair a naoináin agus chas sé an pacáiste aráin bun-ós-cionn i dtreo is go mbeadh an gearrcach ábalta píosa a phiocadh as. Bíonn siad ar an gcrann ag faire ort i ngan fhios duit agus ní ligeann siad seans ar bith thart ambaist!
D’fhág mé doras an chairr ar oscailt inné agus mé ag tarraingt siopadóireachta isteach sa chistin agus nuair a chuaigh mé ar ais bhí bullóg aráin stractha ina ghioball ar an dtalamh ag an éan dubh a bhí ag déanamh
luíochain orm. Cad is féidir a dhéanamh ansin ach é a fhágáil leo agus láithreach bonn, thuirling scata préachán ón spéar ag baint súp as an bhféasta sa gháirdín. Bhuel ciallaíonn sin go bhfuil ciall agus réasún ag an bpréachán géarshúileach, atá i bhfad níos géire ná mise, a d’fhag an mála ag gobadh amach ón charr..is dócha nach dtagann ciall roimh aois!!!