The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

STÁDAS NA GAEILGE NÍOS AIRDE NÁ RIAMH!

Nuair a stadann an síol, stadann an fuirseadh.

Anois teacht an Earraigh, beidh treabhadh agus fuirseadh ar siúl ag feirmeoirí, go háirithe iadsan a chuireann talamh fhairsing i leataoibh do sheasúr curaíochta (tillage) agus beidh na tarracóirí ollmhóra ag gluaiseach­t go hardghlóra­ch timpeall na háite ó mhaidin go hoíche gan sos ná staonadh. Is deas an t-am seo den bhliain leis na laethanta ag dul i bhfaid, na páirceanna ag eirí glas beagáinín agus dóchas sa chroí arís ag díriú isteach ar aimsir an fháis agus barraí á chur, bláthanna ag aibiú de réir a chéile.

Tá a lán cainte faoi láthair ar nuacht an lae, nuachtáin agus sa mheán cumarsáide faoi bhorradh agus fás na Gaeilge go forleathan ar fúd na hÉireann. Conas mar a tharla sin, i ngan fhios dom!? Chuala mé go raibh Foras Na Gaeilge tar éis thar 400 milliúin a chur ar fáil do thionscnam­h éigin i mBaile Átha Cliath ag gríosadh siopaí gnó a dhéanamh le cúpla focal in úsáid do chustaiméi­rí. B’fhéidir go dtarlóidh sé i gcontaetha eile ach an ndéanfaidh sé difríocht an fheadar? Bhí ceannlíne mór suntasach ar an Independen­t an Domhnach seo caite a rá nach raibh aon bhaol ar staid na Gaeilge a bhí ag dul ó neart go neart. Bhuel níl fhios agam faoi sin nuair nach bhfuil focal Ghaeilge le cloisint i measc an ghnáthphob­ail den chuid is mó; b’fhéidir i gceantair gaeltachta in áiteanna, chloisfeá an teanga náisiunta in úsáid. Ba mhaith liom dá mbeadh níos mó Ghaeilge ag doirteadh amach i measc an phobail ó ghaelscoil­eanna atá flúirseach agus scoláirí líofa, saibhir sa Ghaeilge. Tá an phríbhléid agus cumas acu cabhrú le todhchaí na teangan agus síolta a chur agus a scaipeadh.

 ?? ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN

Newspapers in English

Newspapers from Ireland