CÚPLA FOCAL
ÁILLEACHT ÉIREANN...
“Ansin sea d’eirigh éan mór breacórga de na sreanga ós ár gcionn
Is lean ag eitilt inár dtimpeall tamall ar thonntracha an aeir
Láithreach bonn ina dhiaidh sin, d’eirigh ‘Pheasant’ sa bhféar fada
Is do rop ina phictiúir dorcha donn ag taisteal tríd an spéir...”
Is cuimhin liom an dán álainn sin ó laethanta scoile a bhí ag cur síos ar áilleacht an dúlra agus na físeanna aoibhne atá le feiscint ar shúilóid gach aon lá mórthimpeall orainn i dtír alainn na hÉireann. Chuir sé radharc agus draíocht a bhaineann leis an áit neamhaí sin, Gúgán Barra in Iarthar Chorcaí, i gcuimhne dhom. Bhris an nuacht le déanaí go mbeidh suaimhneas, soineann, flóra, fiabheatha na háite sin curtha i mbaol le Feirm ghaoithe (windfarm) ardaithe in ard na spéire anseo is ansiúd ar na sléibhte maorga draíochtach sin, go bhfóra Dia orainn. Thug mé faoi ndeara ar thuras go hIarthar Chorcaí le déanaí, go bhfuil an timpeallacht breactha ó áit go háit leis na bFathaigh ollmhóra sin agus foraisí fairsinge in áit na páirce glaise go líonmhar.
Deirtear linn go bhfuil gá práinneach leis agus níl aon leigheas againne ach seasamh siar agus bheith ag smaoineamh siar ar na shean laethanta ag siúl na sléibhte cois mainistreach, a chruthaigh Naomh Fionbarra, i bhfothaint na dúiche spioradálta sin Gougane Barra.