CÚPLA FOCAL
COMHLUADAR LE CHÉILE THAR NAIS?
Giorraíonn seanchas agus siamsa bóthar an tSaoil deirtear agus gan dabht, is fíor sin. Chuala mé seanbhean, cosúil liom fhéin, ag caint ar Radio na Gaeltachta le déanaí agus í ag cur síos ar athrú saoil atá timpeall uirthi, ó bheith umhal-ábalta dul thar nais ar Aifreann na maidine gach aon lá arís. Ba léir go raibh árdú-spioraid á bhronnadh uirthí agus ar a comrádaithe nuair a bhí ceadisteach faighte acu bailiú le chéile arís, gan faitíos ná eagla ar bith, ach luaigh sí gur cheart bheith cúramach go fóill agus mascanna a chaitheamh, lámha a ghladadh agus araile.
Táim ag dul siar arís ar na shean laethanta nuair a mheas daoine gurbh é an Domhnach an lá speisialta chun bualadh le chéile agus cúrsaí reatha a phlé, tar éis na bpaidreacha a hofráil cinnte dearfa! Bhíomar, már ógánaigh na tuaithe, ag súil go mór leis chomh maith chun ár ngúnaí nua a chaitheamh agus beagáinín geabaireachta lenár gcairde, milseaín nó uachtar reoite sa tsiopa roimh siúl abhaile le comharsain. Tá sé deacair d’aosóg na linne seo é sin a thuiscint is dócha ach is ócáid shóisialta é an tAifreann do sheanóirí go háirithe, in éineacht leis an ngné spioradálta a ghabhann leis.
Bímíd ag tnúth le caint ‘s comhrá gach aon lá ag teacht
amach as an Eaglais bheannaithe agus ní haon chadraíl nó béadán (gossip) a bhíonn ar siúl againn ach cúrsaí an lae...
Cluiche Ceannais na gClubanna a bhí ar bharr teangan ag gach éinne an tseachtain seo agus gan aon ábhar cainte eile ach Baile Mhic Gunner uasal, cróga, calma, lúfar, ealaíonta, stuama! Níl dabht ar bith ach go raibh paidreacha á rá laistigh i rith Aifrinn, ag impí go mbeadh camán Uí Chaoimh cruinn, aclaí go leor chun buille TJ Reid a chosaint...
agus nár eirigh le paidreacha na nDéiseach?!