The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

GAA Á CHRUTHÚ AG AN RÉITEOIR, MAGGIE!

An scuab urnua, scuabann sí glan! Sin seanfhocal ana chríonna, atá ag gabháil timpeall chomh fada is atá cluichí CLG á himirt agus níos faide siar ambaist. Bhuel bhí an ceannlíne céanna ar ghach aon nuachtán ag deireadh seachtaine agus iontas na n-iontas á fhoílsiú acu... bean uasal mar réiteoir don chéad uair. D’eirigh go maith leí de réir dealraimh agus ba léir go raibh a croí agus a fuinneamh le feiceáil de réir mar a ghluai an cluiche ar aghaidh. Bhuel is dócha go ndéarfaidh cuid againn “Ní haon phost é do chailín mar tá sé ró-chrua i lár an ruaille buaille a thárlaíonn ó am go h-am!” Bhuel tá an post céanna ag eirí deacair dos na fir le déanaí agus cuid acu ag eirí as deirtear. Deirim féin gur fearr go mbeadh fear i mbun ghnó i lár an aonaigh i gcluichí móra ach is dócha nach naontódh na mná liomsa! Ceapaim féin go n-oireann cúrsaí CLG dos na fir mar tá suim doimhin acu sa Chomórtas ina d’imir siad féin i gcoinne neart agus greas an chéile comhraic.

Sílim nach bhfuil an clár iontach sin “Cluichí an Domhnaigh” (Sunday Game) chomh maith ó d’eirigh Micheál Lyster as mar láithreoir. Tá Joanne ag déanamh jab maith i slí eile ach bhí scil speisialta ag Michéal chun craic agus greann a bhaint as an phainéal agus tuiscint doimhin aige faoi chúrsaí spóirt i gcoitinne. Bhí sé abalta déileáil le ráitéisí aiféasacha ó Spiollán agus Brolly agus ‘coirm cheoil’ a bhíodh ar siúl anois is arís; bhain lucht féachana an taithneamh as. Bhuel guím gach ráth ar réiteoir Maggie ar aon nós agus b’fhéidir go bhfuil Ré nua tagtha isteach do CLG agus ‘Mná na hÉireann’ ag tógaint tús áite...fan go bhfeicimíd!

 ?? ??
 ?? ??
 ?? ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN
 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland