CÚPLA FOCAL
Nuair is gann an bia is fial é a roinnt...
Is deas go bhfuil ócáidí á chur ar siúl la haghaidh Seachtain na Gaeilge ó áit go háit ag tabhairt aitheantais dár dteanga Náisiunta. tá drogall ar dhaoine go fóill freastal chomh réadúil, láidir agus a bhíodh siad ag dul amach chuig grúpaí agus is dócha go bhfuilimíd go léir tar éis eirí saghas leisciúil agus taithí againn ar Zoom cois tine! Caithim a rá go dtaithníonn Zoom liom mar buaileann tú lena lán de ghaeilgeoirí o thíortha i bhfad i gcéin agus Gaeilge líofa acu. Leathnaíonn an ciorcal ansin agus bíonn ábhar ana shuimiúil ag dul ar aghaidh le spraoi agus greann. Tá ócáid ar siúl go míosúil atá eafraithe ag Cabríní ón Rinn darbh ainm “Ciorcal na gCiorcal” agus bhaineamar ana cheol as ag ceiliuradh “Lá Idirnáisiunta na mBan”. Phioc gach éine a rogha de laochra na nban, a chuaigh i bhfeidhm orthu mar shampla Peig Sayers (a phioc mise!) agus i gcásanna , phioc na fir go háirithe a maithreacha (Mammies) a sheas amach mar dhaoine ana speisialta ina saolta. Bhí fear amháin Ó Boston, Massachusetts agus Gaeilge den scoth aige, deas bheith ag éisteacht leis faoina sheanathair a tháinig ó Chiarraí. Chaith an fear seo laethanta saoire i gCillorglan agus Aonach ‘Puck’ mar pháiste lena thuismitheoirí agus is as na turais sin a d’fhás grá don Ghaeilge. Bhuel sin sampla amháin des na buntáistí a bhaineann le Zoom ach is féidir linn bualadh le chéile i gciorcal chomh maith agus an dá thrá a fhreastal, mar adéarfá.
Beagán de mhórán a mhéadaíonn do dhúil!