The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

AN TSEAMRÓG GHLAS, SIOMBAIL GHAELACH

‘Sléibhte Gleannta Máighe ‘s Bailte Móra Na Héireann

Ghlan sé iad go deo dúinn, míle glóir dár Naomh dhíl...’

Múineann na línte sin dúinn faoi éachtaí Phádraig, Aspal mór na hÉireann agus is breá go bhfuil Féile Phádraig beo beomhar gach aon bhliain anseo agus ar fúd an domhain gan dabht. Beidh Taoiseach Micheál ag bualadh le Uachtarán Biden leis an babhla seamróige a d’fhás ar chré na tíre seo. Tá an planda sin tar éis eirí ana ghann ar an dtalamh anois mar fásann sé níos flúirse ar thalamh saghas lom agus is dócha go bhfuil an ithir ró shaibhir agus leasachán ceimiceach á scaipeadh ag feirmeoirí san lá atá inniu ann. Is cuimhin liom an traidisiún bliantúil fadó nuair a bhí boscaí buí/glas speisialta in Oifig An Phoist, a bhí gléasta ana ghleoite agus málaí beaga plaisteach­a laistigh chun an planda uasal seo a sheoladh chuig gaolta thar lear. Bhailíomar seamróg leis na trí duilleoga a bhí flúirseach i bpáirceann­a áirithe, mar bhí fhios ag mo Dhaid go beacht cá bhfaighfeá an tseamróg ab fhearr. Chuir mo Mham trí nó ceithre des na boscaí áilne seo, gan teip, chuig clann mo Dhaid i mBoston, Brooklyn agus Jamaica agus ba léir óna litreacha a tháinig thar nais go raibh meas mór acu an planda beag seo a fháil agus blúirín de chré na hÉireann ar a fhréamh (root). Is deas go bhfuil onóir suntasach á thabhairt don Naomh beannaithe seo agus beimíd ag súil go mór leis na hócáidí iontacha, ioldaite mórthimpea­ll...páistí ag canadh agus bannaí cheoil ag seinnt don iomann álainn “Dóchas linn Naomh Pádraig”

 ?? ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN

Newspapers in English

Newspapers from Ireland