The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

CLOCH LA CARN, TEIDEAL GALÁNTA...

Bím ag moladh TG4 ó am go h-am nuair atá seans agam mar sílim go bhfuil an stáisiún céanna ag déanamh a lán ar son na Gaeilge agus ar son Spóirt gan dabht dá laghad. Ní bheadh radharc againn ar aon chluiche CLG an deireadh seachtaine seo caite gan TG4 agus bhí a lán cluichí fíor-thabhachta ar siúl agus cuid acu i mbaol maidir le hisliú céime, díchailiú (relegation).

Tá cúrsaí tar éis eirí deacair don lucht leanúna ina lán slite mar tá gach rud ag tarlú ar líne anois, ceannach na dticéad fiú agus níl scil an ríomhaire ag gach éinne den aicme sin. Má fhéachann tú ar sceideal TG4 go rialta bíonn cláracha iontaca ar siúl mar shampla “Seal le Daithí” a bhíodh ar siúl ar an gCeadaoin agus scéalta ana shuimiúla le hinnsint ga daoine atá faoi agallamh aige, an rud céanna leis an gclár “Comhrá” atá ar siúl anois ar Deardaoin, “Cleas Act” a bhaineann le páistí agus ana ghreannmha­r cosúil le “School around the corner” le Paddy Crosbie fadó fadó, ansin tá “Glór Tíre” do lucht rince!

Tá rogha den scoth againn, pé rud ina bhfuil suim againn cinnte, gan trácht ar na cláracha fáisnéise a bhíonn acu go minic. Ceapaim gurbh é TG4 a sheol

an teideal uasal sin “Cloch le Carn” ar cheann dá gcláracha agus is cuimhin liom bheith ag féachaint ar chomóradh don laoch peile, Páidí Ó Sé. Bhuel tá an teideal sin tuillte ag a lán des na laochra atá ar an gclár sin agus maidir le cás na Gaeilge, is teideal ceart é don stáisiún craolachái­n maorga sin, mo thogha agus rogha, TG4...

 ?? ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN

Newspapers in English

Newspapers from Ireland