CÚPLA FOCAL
DÍLSEACHT, TÍR-GHRÁ AGUS DÚCHAS...
Tá muintir Chorcaí ana bhródúil as oidhreacht Frank O’Connor, an scríbhneoir nótálta a scríobh breis agus 150 lamhscríbhiní iontacha , is dóch gurbh iad a ghearrscéalta a chuaigh i bhfeidhm oramsa go mórmhór mar níl dabht ar bith ach go rabh féith scríbhneoireachta ag rith go doimhin trína chuislí. Ba léir go raibh ana ghrá ina chroí dá chathair Chorcaí agus dhéan sé tagairt d’áiteanna mar Linn Dubh, Cnoc Gardiner, Mainistir Thuaidh agus na cuimhní a bhí gar dá chroí ag fás aníos. Seo mar a scríobh sé faoi chathair Chorcaí agus tá leisce orm na línte seo a haistriú go Gaeilge, mar ta an cur-síos a dhéanann sé lán de spiorad agus omós d’uaisleacht agus maorgacht na cathrach seo
“A charming old town with the spire of Shandon, two sides of it limestone and two sandstone, rising above the river. I can admire it as if I were a stranger, the up and down of it on the hills as though it had been built in a Cork accent...”
Bhuel tá fhios againn go bhfuil canúint ghalánta speisialta a chloisimíd ar shráideanna Chorcaí mar cheann des na tréithe láidre atá aitheanta ar fúd na tíre agus sinn ag taisteal ó ait go háit agus i ndáiríre ar fúd an domhain. Tá ceol sainiúil ag gabháil leis; nuair a thosaigh mise ag obair i mBaile Áthe Cliath i bhfad ó bhaile mar dhéagóir óg, b’aoibhinn liom bualadh le ‘leathbhádóir’ eile san oifig, go sóisialta agus portaireacht Chorcaí ag sileadh i ngach aon fhocal ó bhéal acu!
Is féidir fód an phortaigh a thógaint ón bhfear ach ní féidir an duine a thógaint óna phortach dhúchais fhéin!