CÚPLA FOCAL
AM SPEISIALTA NA CÁSCA
“Comh cinnte is atá tú beo, grian san aer, méar ar do lámh, cluas ar do leiceann, púdar i nDoire, gob ar phréachán, an Cháisc ar an Domhnach... “
Sin iad na frásaí a bhí ag na seandaoine fadó nuair a bhí siad ag cur trasna nach raibh dabht ar bith ach go dtarlódh rud éigin dearfach/ diúltach sa todhchaí . Is dócha go raibh an chiall chéanna leis na ráitéisí sin agus a bhí ag an seanfhocal “Inseoidh an aimsir”; níl dabht ar bith ach go raibh ciall cheannaithe agus gaois doimhin ag gabháil le gach ráiteas a scaip ó bheal go béal na laethanta sin. Tugann aimsir na Cásca eirí-chroí do ghach éinne in éineacht leis an ngné spioradálta a bhaineann leis, mar tagann athrú níos boige ar an aimsir. Bíonn na gáirdíní ag aibiú agus fás geal, ioldaite ina dhúiseacht timpeall orainn , na huain óga ag poc léimnigh ins na páirceanna agus glór aoibhinn ón lon dubh ag glaoch orainn ó bharr na gcrann.
Is cuimhin liom im’ óige agus mé ag obair ‘fada fánach’ i mBaile Átha Cliath, nuair a bhí mé agus mo chompánaigh tuaithe ag súil go mór le briseadh na Cásca. Bhíomar inár seasamh ar thaobh an bhóthair i gCros Newlands, ag síob-shiúl abhaile agus gliondar chroí orainn ag fágáil slán le trácht, torann agus ruaille-buaille na Cathrach Móire. B’annamh nach n-eireodh liom síob taithneamhach a fháil go Corcaigh agus ansin seasamh amach i mBaile An Easpaig ar an ordóg arís chun bheith in am don shearmanas speisialta, Turas Na Croise im’ shéipeal álainn fhéin ar Shlí An Atlantaigh Fhiáin...Ah b’shin iad la laethanta!!