The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

IOMÁINT AGUS PEIL FAOI LÁN TSEOL!

Tá “gar dó” chomh fada uainn agus a bhí sé riamh... sin seanfhocal a tháinig isteach im’ cheann ag deireadh na gcluichí iomána ar an Domhnach seo caite ag féachaint ar an scrios a dhéan foireann Luimní ar na Rebels...arís. Bhí mé ag súil go mór le cluiche cuíosach cothrom agus ag éisteacht lem’ gcairde CLG ag moladh go bhfuil Corcaigh ag feabhsú gach aon chluiche. Ní raibh an lá leo, ná an t-ádh ar aon nós. Ni ceart bheith ag caitheamh anuas ar na himreoirí mar cuireann siad neart agus croí sa tréanáil fíor-dhian ach goilleann toradh mar seo go mór orthu, téann sé go smior iontu mar scuad dáiríribh spóirt.

Níl fhios agam conas a thagann siad as cailliúint mór a scriosann a gcuid muiníne gan dabht agus ansin bíonn orthu an camán a hardú arís agus aghaidh a thabhairt ar ullmhúchai­n don chéad chomórtas eile. Sílim go bhfuil scil agus cumas sainiúil iomána ag foireann Chorcaí ach is trua nach bhfuil seans acu a gcaighdeán ard sin a thaispeáin­t ach go hannamh, mar tá an cluiche ag athrú agus neart, corpoiliúi­nt (fitness) san ard-leibhéil riachtanac­h chun bheith díreach san iomaíocht. Is foireann óg an buíon seo, a mbunáite agus tiocfaidh an lá dóibh sa todhchaí, bímís foighneach agus bródúil astu gach aon lá a sheasann siad amach i ngeansaí Chorcaí. Anois táimíd ag brath ar na Déisigh chun leanúint ar aghaidh ag buachaint agus aithris a dhéanamh ar fhoireann Ballygunne­r, a d’árdaigh spiorad agus dóchas na Déise le deanaí. Tá Tipp agus Gaillimh go hard san iomaíocht chomh maith dar liomsa! Ara beidh spórt againn i rith an tSamhraidh pé foireann atá chun tosaigh ach ceapaim go bhfuil sé ait, amaideach agus gan aon chiall ag féachaint ar Ed Sheeran agus ceoltóirí eile ar stáitse i bPáirc Uí Chaoimh agus na himreoirí ag imeacht fada fánach ag imirt ar son agus in onóir do Chumann Lúthchleas Gael.

 ?? ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN
 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland