CÚPLA FOCAL
AN SAMHRADH LINN!!
Samhradh Samhradh bainne na ngamhna
Thugamar féin an Samhradh linn
Samhradh buí na nóinín glégeal
Thugamar féin an Samhradh linn
Thugamar linn ón gcoill chraobhach
Thugamar féin an Samhradh linn
San Samhradh buí ó luí na gréine
Thugamar féin an Samhradh linn
Tá gliondar chroí orainn ag cur fáilte is fiche roimh áilleacht, gile, saibhreas beannaithe an tSamhraidh agus tagann bhéarsaí an dáin seo thuas chun cuimhne láithreach. Tagann borradh agus fás torthúil, raidhsiúil ar gháirdíní, gleannta, sléibhte agus barraí atá curtha sa chré. Scaipeann cuma geal, gleoite sa timpeallacht a thugann eirí chroí do ghach éinne agus níos iontaí fós, cloisimíd ceol fíor-bhinn na cuaiche anois teacht an tSamhraidh.