CÚPLA FOCAL
“Ar bhóithrín na smaointe is minic dom siar
Ar laethanta geal m’óige cois Laoi
Nuair b’eol dom’ chaoin-spiorad gach áthas geal binn
Sar ar léir dom claon-bhearta an tsaoil
Nuair do b’aeraí mo chroí ná an leoithne bhog ghaoith
Fán an Mháirdíog (Mardyke) tráthnóna breá buí
Mar a dtéimís ag spraoi is ag spórtaíocht sealaí
Ar bhruacha glas áille na Laoi...”
Is dócha gur fiú Corcaíoch nach bhfuil ábalta cúpla bhéarsa den amhrán deas sin “The Banks” a chanadh ach is annamh a chloistear an t-amhrán céanna as Gaeilge agus níl dabht ach go bhfuil rithim, ceol agus brí bríomhar don chaighdean céanna, ag gabháil leis i dteanga na gaeilge chomh maith. Tháinig an t-amhrán sin chun chuimhne dhom ós rud é go bhfuil spiorad agus tradisiún láidir i gceartlár an Chontae seo, Corcaigh maidir le cúrsaí peile, iomána agus gach saghas spóirt thar na blianta agus gan dabht tá Ísle-bhrí ag goilliúint orainn faoi láthair i staitisticí spóirt.
Nílimíd compórdach leis sin agus níl na himreoirí ach oiread ach is tréimhse ana dheacair atá á fhulaingt acu. Tá dóchas ionam pé scéal é mar, cé go raibh gach aon cheannlíne ar na nuachtáin ag moladh scil agus aclaíocht Chiarraí ag deireadh seachtaine, chuir na Rebels sár-iarracht isteach do thrí-cheathrú an chluiche sin agus choimeád siad na himreoirí cáiliula mar Clifford ciúin go leor, rud nach raibh ar cumas fóirne eile!
Tabhair moladh atá tuillte do Chorcaigh, tá siad ann fós agus ag feabhsú le gach cluiche. Cad faoi na Déisigh ag bualadh leis na hiománaithe anois, sin scéal eile, ach creidim go mbeidh comórtas níos géire ag tárlú ar an Domhnach seo chugainn agus ná bí am’ chéasadh faoin ráiteas sin! Fan go bhfeice sibh. Níl na Rebels ar lár go fóill!