The Avondhu

CÚPLA FOCAL

- LE EILÍS UI BHRIAIN

SPRAOI AR BHRUACHA NA LAOI ARÍS!

“Nuair b’aeraí mo chroí ná na leoithne bhog ghaoith

Ar bhruacha glas áille na Laoi...”

Táim fós ag canadh véarsaí on amhrán álainn sin, go háirithe on Domhnach seo caite! Nach raibh fíorú láidir (premonitio­n) agam agus mé ag scríobh chugaibh, a chairde an tseachtain seo caite a rá nach raibh Rebels Chorcaí ar lár go fóill. Tuigtear dom go raibh cluiche iomaíoch, lúfar, lasrach i ndán dúinn mar lucht leanúna agus sin mar a bhíonn iomaíocht idir na Déisigh agus Rebels o bhliain go bliain agus árd-chaighdeán á thaispeáin­t ag an dá thaobh. Bhuel sin mar a tharla gan dabht agus ísle-bhrí ar lucht tacaíochta na Rebels ag tabhairt aghaidh ar Pháirc An Bhreathnai­gh agus cuid acu a rá “Ara rachaidh me ann ach ní fiú traithnín an foireann óg sin i mbliana, tá misneach agus muinín caillte acu!”.

Bhí mise á moladh “Coimeád an creideamh leaid, tá cluiche amháin cinniúnach le teacht ó Chorcaigh, fan go bhfeice tú!!!” Nach raibh an ceart agam, mar cé go raibh gach taispeánta­s uathu go dtí seo fuarbhrúit­e, marbhánta bhí fhios ag lucht leanúna spóirt i gcoitinne go raibh cumas, scil agus aclaíocht tiubh te sa ghrúpa seo, nach raibh le feiceáil san imirt go fóill. Bhí brón orm gur imigh Hoggy ón imirt luath go leor ach beidh sé ar ais i gcoinne Tipp tá súil agam; tá gradam speisialta buaite aige tar éis 68 SHC cluiche le Corcaigh agus 22-505 (571 pointí) mar scóraí o thosaigh sé le Corcaigh sa bhlian 2008. Ní nach ionadh go bhfuilimíd bródúil i gCorcaigh!

 ?? ??
 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland