The Avondhu

CÚPLA FOCAL

- ÉANLAITH NA SPÉIRE...

Is maith liom cláracha faoi éanlaith, ainmhithe agus fiabheatha i gcoitinne a bhíonn léirithe ag Derek Mooney atá ina shaineolaí ar an ábhar sin agus suim doimhin aige san Nádúr mórthimpea­ll. Bhí sé ag caint le déanaí faoi nadúr, nósanna a bhaineann leis an nGabhlán gaoithe (Swift bird) a thagann chugainn ón Aifric san Aibreán agus fanann siad linn go dtí Lúnasa nuair atá an clann tógtha agus oillte san eitilt ag an mbeirt thuismithe­oir!

Is féidir leis an éinín lúfar seo eitilt ar luas 70mph san aer agus is dócha gur as an éacht sin a thagann an t- ainm “Swift”. ‘Sé an focal gréagach ‘ápous’ a chiallaíon­n ‘gan cos’ (footless) mar tá cosa an éin seo ana ghearr, lag go leor agus sin an chúis go leanann siad ag eitilt ós ard gan tuirlingt ar an dtalamh ná ar na sreanga ós cionn ach go fíoir-annamh. Tógann siad neadacha go néata ingearach (vertical) cois falla chomh maith agus iad greamaithe don bhfalla cosúil le leath-chupáin, nó i gcaoth cloiche (stone cavity) faoi dhíon an tí.

Is olc an scéal go bhfuil uimhreacha an “Swift” ag laghdú cosúil lena lán éiníní eile mar an Chuach agus an traonach agus braithimíd uainn gan dabht, an ceol agus binneas a bhí le cloisint timpeall orainn on spéar mar chomhartha an tSamhraidh. Breacann sé orm go bhfuil raidhse líonmhar

de sheanfhoca­il a ghabhann le héanlaith na spéire agus is iontach an chiall a bhaineann leo go léir mar shampla:

Is bách iad lucht aon céirde (birds of a feather flock together)

Is fearr áirithe na srathach ná iasacht na diallaite (a bird in the hand is worth 2 in a bush)

Sciurdann éan as gach ealta (a good one comes from every flock)

Críochneoi­dh mé le ceann ana ghreannmha­r mar thideal ar dhuine beagáinín leisciúil atá tugtha do shaol bhog, éasca agus “Codladh an traonaigh” mar nós aige!

 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland