The Avondhu

CÚPLA FOCAL

-

50 BLIAIN AG FÁS!

Beidh ócáid ollmhór stairiuil ag tarlú ar an Satharn seo agus nílim ag caint faoin gcluiche iomána spleodrach a bheidh mar choimhlint idir Chorcaigh agus Tiobraid Árann cé go mbeidh súile na Mumhan, na hÉireann sáite san bhfís iontach sin chomh maith, mise ina dteannta gan teip!

Beidh Coróin Shasana á bhronnadh ar Shearlas agus Camilla ag seasamh taobh leis mar Bhanríon, beidh sé deacair don bheirt acu bróga na banríona Eilís a líonadh mar sheas sí an fód thar na blianta ag foghlaim chúrsaí chasta an Ríochais. Tharla ócaid stairiúil eile in Óstán Ghobnatain, Baile Bhuirne ar an Satharn seo caite a bhí gach aon phioc is tabhachtaí le hócáid Shearlais ambaist. Fuair me cuireadh agus bhí an-áthas orm bheith i láthair ag Ceiliuradh 50 bliain Radio Na Gaeltachta do cheolchoir­m den scoth ar stáitse. Bhí an clár seo ag dul amach beo go tíortha thar lear agus bhí teachtaite­achtaí ag teacht tiubh te ó Shasana, Mheircheá agus áiteanna i bhfad i gcéin. Bheifeá a rá leat fhéin nach bhfuil baol dá laghad ar theanga agus cultúir na hÉireann, ag breathnú ar na sluaite a bhí ag freastal ar an ócáid seo agus an talann speisialta ar stáitse go deireadh na hoíche. Bhí Peadar Ó Riada i lár an aonaigh agus Cór na bhFear á stiuriú aige, Breandán Ó Beaglaíoch le grúpa cheoil eile a fuair bualadh bas ardghlórac­h mar bhí atmaisféar beomhar, ceolmhar á chruthú acu don lucht féachana.

Bhí féasta cheoil eile a chuir deireadh taithneamh­ach leis an oíche nuair a bhailigh “Cór Fear na nDéise” ar stáitse agus dá mbeadh spás do rince seite, bheadh na fóirne éagsúla ag baint lasracha as an úrlár! Go leana ádh agus forbairt breise ar an stáisiúin iontach sin Radio Na Gaeltachta do bhreis agus 50 bliain eile ag cur scéalta agus Gaeilge bhreá shaibhir inár gluasa lá ina dhiaidh lae.

 ?? ?? LE EILÍS UI BHRIAIN
LE EILÍS UI BHRIAIN

Newspapers in English

Newspapers from Ireland