Soilse an iarthair lasta go digiteach ag Gaillimh 2020
DEIRTEAR go raibh na Gealáin Thuaidh le feiscint ó dheas chomh fada le Londain sna h-oícheannta roimh ar fhógraíodh an Dara Cogadh Domhanda i mí Meán Fhomhair 1939.
Ag tús na seachtaine seo chaite agus sinn ag ullmhú chun Lá Fhéile Phádraig a cheiliúradh mar nár ceiliúradh riamh roimhe é, bhí an taispeántas seo le feiscint i gConamara.
Bhuel, bhí craoladh digiteach den taispeántas seo le feiscint ar shuíomh idirlín Gaillimh 2020. Léiriú a bhí ann ar an insealbhú ealaíona solais ag an ealaíontóir ón bhFionnlainn, Kar Gai Kola, insealbhú solais a rinne sé ar choimisiún ó Phríomh Chathair na hEorpa don bhliain seo.
Dúirt an ealaíontóir leis na meáin: “Ní péintéir maith mé ach is féidir liom dathú le solas.”
Gar do Loch na Fuaiche atá in aice leis an teorainn le Co. Mhaigh Eo a insealbhaíodh breis is 1,000 solas chun an taispeántas seo a chur ar siúl.
Bhí plean ann go mbeadh daoine ag siúl ar bhruach an locha le linn an taispeántais ach, gan amhras, nior thárla sin. Craoladh taifead an taispeántais chun na h-íomhánna a roinnt leis an bpobal.
Is cinnte go bhfuil mí-adh ag leanúint Gaillimh 2020 ó thús na bliana cultúrtha seo. Sa chéad áit bhí orthu an ocáid oscailte ag tús mí Feabhra a chur ar athló mar gheall ar stoirm mhór a bhí ag teacht i dtír an oíche chéanna.
Cé cheapfadh go n-éireodh rudaí níos measa ná sin!
Nara fada go raibh siad ar ais i mbun ealaíne is cultúr.
Ag filleadh ar an dtaispeántas ag Loch Na Fuaiche, tugadh ‘Savage Beauty’ ar an dtogra mar omós don chur síos a bhí ag Oscar Wilde ar Chonamara.
Dúirt seisean go raibh áilleacht fianta ag baint leis an gceantar.
Rud amháin ata maith mar gheall ar an dtréimhse éisceachtúil seo go bhfuilimíd ag tabhairt faoi ndeara an domhan timpeall orainn arís.
Deirtear, mar shampla, go bhfuil laghdú mór ar astaíochtaí charbóin de bharr nach bhfuil eitleáin ag eitilt.
Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigean, deirtear. It’s an ill wind that blows no one any good.