The Corkman

CONCUBHAR Ó LIATHÁIN

Laethannta geala ár n-óige i gCúil Aodha

- Coliathain@corkman.ie

TÁ an Aibreán is an Earrach geall leis thart – agus tá an Samhradh buailte linn, agus chiallaigh sin rud amháin agus mé níos óige ná mar atáim inniu.

Níorbh fhada uainn na Coláistí Samhraidh agus na céadta páistí ag teacht go Cúil Aodha chun Gaoluinn a fhoghlaim. Agus nach againn, muintir óg na h-áite, a bheadh an spórt ansan!

The end of April means the beginning of summer – officially at least – but it meant something more significan­t as I grew up in Cúil Aodha.

The Summer Colleges would soon be starting, and that meant the arrival of hundreds of teenagers to Cúil Aodha to learn Gaoluinn/our version of Irish.

Is iomaí eachtraí a bhí againn, go h-áirithe agus mé im dhéagóir, trath go mbínn le mo cháirde ag iarraidh bheith ag siúl amach le cailíní a thagadh i mí Iúil agus Lúnasa.

Gach oíche bhíodh céilí sa halla agus slua mór de mhuintir na h-áite ann in éineacht leis na páistí Samhraidh. Ní raibh aon chaint ar ‘dioscóanna’ – go deimhin bhí cosc ar a leithéid sa halla – ach ba chuma linn mar bhíodh ceol den scoth ann: leithéidí Eibhlín Ní Riordáin agus a h-athair Tadhg, Seán Ó Duinnín, Dónal Ó Loingsigh agus ceoltóirí eile ar nós Banna Ceoil Dónal Ring ó am go chéile. Go deimhin, sheinn m’athair féin go minic don gcéilí.

We had plenty of adventures back in those days – especially when the teenage version of myself was out with my friends and chatting up the many girls who were on the course.

Every night there was a céilí in the hall – there was no talk of discos or raves back then. Our musical needs were well met by the brilliant musicians who played every night: the likes of Éibhlín Ní Riordáin and her father, Tadhg, Seán Ó Duinnín, Dónal Ó Loingsigh and others. On big nights we would have Dónal Ring and his band.

Rith na cuimhní cinn sin liom tar éis dom caint le Dónal Ó Laoire, Bainisteoi­r Choláiste na Mumhan, an tseachtain seo chaite. Tá cúrsaí an tSamhraidh seo ar ceal de bharr an diabhal víreas.

Táim cinnte go mbeidh Coláiste na Mumhan, an chéad Choláiste Samhraidh sa tír, ar ais an bhliain seo chughainn agus é chomh bríomhar is a bhí sé riamh.

Is fada an lá ó bhí na Coláistí Samhraidh i gCúil Aodha. Tá na siopaí a bhíodh ag déanamh riar ar na páistí dúnta – Oifig an Phoist Uí Scanaill, Siopa Uí Riordáin agus Siopa Uí Dhuinnnín. Tá glúin iomlán páistí tar éis fás suas i gCúil Aodha gan aon taithí acu ar na samhraí breatha a bhíodh againn. Má chuireann tú Coláiste Gaeilge Chúil Aodha isteach i Google – ní thagann tada aníos. B’fhéidir go bhfuil sé in am an scéal sin a athrú.

Má tá cuimhne agat ar Choláiste Samhraidh Chúil Aodha, griangraf nó scéal, bí i dteagmháil liom anseo agus cuirfimíd é ar an leathnach seo.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland