Ocáidí órga ón ré atá caite le craoladh in athuair ar TG4 sna seachtainí beaga romhainn
DEIRTEAR gur caol seans go mbeidh spórt beo ar an dteilifís an Samhradh seo – ach ní sin le rá nach mbeidh spórt le feiscint.
De ghnáth bíonn daoine ag gearán faoi athchraoltaí ar an dteilifís, ach cé bhféadfadh bheith ag gearán go mbeidh TG4 ag craoladh cuid des na mór-ócáidí spoirt i saol na tíre ar an gcainéal Ghaeilge sna seachtainí beaga romhainn.
Oíche amárach (Dé hAoine, Lá Bealtaine, 7.30in) beidh Éire ag tabhairt aghaidh ar Shasana sa Chorn Domhanda a imríodh san Iodáil i 1990.
Is cuimhin liom an oíche úd i gCagliari amhail is go raibh mé ann. Chuaigh Sasana, foireann lán de réaltaí ar nós Gary Lineker, Paul Gascoigne agus Bryan Robson, chun tosaigh go luath de bharr cúl ó naoscaire Leicester City.
Ach sna noiméid dheireannacha, nár chuir Kevin Sheedy an liathróid go cúl an eangaigh a raibh á chosaint go tréan ag Peter Shilton.
Comhscór 1-1 – oíche glómhar eile d’fhoireann Jack Charlton. Bhíos féin tar éis Jack a chuir faoi agallamh sara chuaigh sé chun na hIodáile, agus tá an pictiúr sin a ghlac Don MacMonagle agam go fóill.
Beidh roinnt cluichí eile iomráiteacha á gcraoladh freisin sna seachtainí atá romhainn.
Corn an Domhain 1990, Dé hAoine,
Éire v An Isiltír,
Bealtaine 8 ag 7.30in.
Corn an Domhain 1990, Bealtaine 15. Corn an Domhain 1994, Meitheamh 5. Agus ceann eile arbh fhiú féachaint air:
Corn an Domhain, 1986. Dé hAoine, Meitheamh 19.
Éire v an Romáin, Éire v An Iodáil, Airgintín, Sasana v An
Bíodh an víreas againn nó ná bíodh, beidh Samhradh lán spoirt againn go fóill.
Ó thaobh cúrsaí CLG de, bheadh sé go deas dá ndéanfaí ath-chraoladh ar fheachtas Chorcaigh don ‘Double’ i 1990 a fheiscint arís! Agus ár mbua i gcraobh 2010 freisin!