An Spailpín Fánach agus a t-léine nua atá i dtiúin leis an lá inniu
TÁ daoine ann a bhailíonn stampaí agus daoine eile a bhailíonn clár uimhreacha gluaisteáin – bailímse t-léinte le mannaí Gaeilge orthu.
Agus cé go bhfuil comhlachtaí tar éis chun tosaigh le blianta beaga anuas agus roghanna éagsúla acu, níl aon sarú go fóill ar An Spailpín Fánach.
Bhíodh Gearóid Ó Murchú ag dul timpeall na Coláistí Gaeilge beagnach dhá scór bliain ó shin ag díol t-léinte agus suaitheantais beaga le mannaí Gaeilge orthu. Mannaí ar nós ‘Ní bheidh mo leithéid arís ann’ agus ‘ Giorraíonn Beirt Bóthar’ nó ‘Is iad na Muca Ciúine a Itheann an Mhin’.
An rud mar gheall ar na bhféiríní seo ná go raibh siad d’árd chaighdeán agus mhairfeadh siad na blianta. Agus an oiread is raibh aon ball éadaigh le manna Gaeilge air faiseanta, bhí t-léinte An Spailpín Fánach faiseanta – go deimhin tá siad fós faiseanta.
Tá cuid acu fós agam. Ná déan nós agus ná bris nós, deirtear.
Thosnaíos nós an uair úd atá á leanúint agam ó shin – is é sin go gceannaím t-léine nó dhó gach bliain ón Spailpín, agus má tá éinne sa chlann ag smaoineamh ar bhronntanas a cheannach dom, is t-léine le manna Gaeilge a iarraim orthu.
Tá go leor daoine a chaitheann t-léinte le mannaí comhlachtaí orthu – leithéidí Nike nó urraithe foirne sacair – agus tá sin maith go leor dóibh. Ach ní thuigimse cén fath go dtabharfainn spás fograíochta saor in aisce doibh ar mo bholg!
An t-léine is déanaí ó An Spailpín Fánach, tháinig sé an tseachtain seo.
Teachtaireacht trathúil atá ar an dt-léine seo – agus teachtaireacht a thagan chughainn ónár sinsir. Is é an teachtaireacht ná: “Ar Scath A Chéile A Mhaireann na Daoine – Bí Slán agus Sabháilte!” Sin pictiúr thuas den t-léine de réir mar atá sé á chaitheamh ag mainicín – ní mise atá ann ar eagla na mí thuisceana.
Is manna t-léine é seo é seo ata in oirúint don am ina mhairimíd. Má cheannaíonn tú an t-léine, rachaidh cuid den chostas chuig an charthannacht, Simon. Anois, sin margadh!
Is féidir an t-léine a cheannach ach dul chuig an suíomh, https://www.spailpin.com.