CONCUBHAR Ó LIATHÁIN
BHÍOS ag obair ar feadh roinnt blianta i mBéal Feirste, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFal agus, mar sin, bhíos ana shásta agus ríméadach, go deimhin, nuair a fógraíodh an tseachtain seo chaite go raibh an lárionad éisceachtúil seo tar éis príomh dhuais Ghlór na nGael a bhuachaint.
Is áit iontach an Chultúrlann - atá faoi ghlas de bharr an ghalar faoi láthair - agus tá daoine iontacha, daoine spreagúla, ag obair.
Bheadh sé go h-iontach ar fad dá mbeadh áit mar an Chultúrlann i ngach baile mór sa tír, áit ina mbeadh fáilte roimh an Ghaeilge.
Is é an clóghorm don fhorbairt ar an dteanga sa todhchaí. Idir an dhá linn, comhghairdeas le mo shean cháirde.