The Corkman

CINCÍS NA FILÍOCHTA I MÚSCRAÍ

-

TÁ sé deacair a chreidiúin­t ach is cothrom an ama seo cúig bliana is fiche ó shin a tháinig an scannán Braveheart amach.

D’inis an scannán an scéal faoi William Wallace, taoiseach ó Gharbhchrí­ocha na hAlban a thug dúshlán na Sasanach agus a spreag a chomh-Albanaigh an ruaig a chuir orthu as a thír dhúchais.

Deineadh cuid den scannán in Éirinn agus bhí páirt mhór ag Arm na hÉireann ann is iad ag glacadh rólanna in arm Mel Gibson, a ghlac ról Wallace.

An scéal a chuala mé le déanaí faoin scannán ná gur theastaigh ó Gibson an scannán a dhéanamh i nGaidhlig na hAlban amháin. Is mór an trua nár dhein sé amhlaidh mar tá gaol gairid idir Ghaidhlig na hAlban agus Gaeilge na hÉireann.

Cad a deir sé sa scannán agus é ag spreagadh a fhórsa: “Is féidir leat ár mbeatha a bhaint dinn - ach ní bhainfidh tú ár saoirse choíche!”

NÍOR chuala an oiread ceoil ón gcuach riamh is a chuala go dtí seo i mbliana. Tá tábhacht le sin sa dhúthaigh seo mar nach raibh cead ag leanbh dul ar an gcincís, aonach sráide a bhíodh ar an gCarraig/Baile Mhic Íre ar Domhnach Cincíse, ceann de dhá lá patrúin atá ag Naomh Gobnait.

Tá tábhacht eile leis an gCincís freisin mar gurb é an Chincís i 1925 a reachtálad­h Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn den gcéad uair.

Tá sé ag dul go fóill cé gur buille trom a fuaireamar anuraidh nuair a cailleadh ár nUachtarán, Betsy Ní Shuibhne.

Roinnt seachtainí ó shin foilsíodh an Cheist ar na leathnaigh seo agus beidh an Chuireadh ullamh go luath le go mbeidh seans ag filí agus baird i bhfad is i gcongar tabhairt faoi freagraí a chur le chéile don Dámhscoil i mbliana, a bheidh ar siúl uair éigean nuair atá an víreas seo gafa tharainn. Nara fada uainn an lá!

Newspapers in English

Newspapers from Ireland