Triocha míle ceann fhocal romhat...
IS féidir réamh ordú a dhéanamh anois ar an mblocbuster is mó i saol na Gaeilge le blianta fada [Eag: Blockbuster - leabhar mór éilimh, book of high demand].
Is éard atáim ag tagairt dhó ná an foclóir nua Béarla Gaeilge - the Concise English Irish dictionary.
Tá 30,000 ceann fhocal ann agus 700 leathnach agus, mar sin, is dócha nach é ‘concise’ an chéad fhocal a rithfeadh leat is tú ag caint faoi.
Ach nuair a chuireann tú san áireamh go raibh 48,000 ceannfhocal san fhoclóir ar líne, focloir.ie, áis iontach don té a bhíonn ag scríobh as Gaeilge.
The greatest blockbuster in Irish literature is shortly to go on sale and you can already pre-order it online if you look at sites such as siopaleabhar. com, litriocht.com or ceathrupoili.com.
This blockbuster is the new Concise English Irish Dictionary which contains over 30,000 words and is more than 700 pages. In that context ‘concise’ is a word that mightn’t ordinarily trip off your tongue.
Still, there’s over 48,000 words on the online version of the dictionary, foclóir.ie, an invaluable resource for writers in the Irish language.
Bíonn daoine aineolacha ag maíomh go minic go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar nach bhfuil focail nua á gcumadh chun cur síos ar rudaí nó eispiris nua. Ach ní h-amhlaidh an scéal. Tá focail nua Gaeilge á gcumadh chomh tapaidh agus atá gléasanna nua á gcruthú is eispiris nua ag teacht chun tosaigh.
Is cinnte go mbíonn roinnt focal atá cosúil leis an bhfocal i mBéarla nó i dteangacha eile ach sin de bharr gur cumadh an focal i dteanga eile sa chéad dul síos.
Ceann de na focail a ritheann liom ná ‘gúgláil’ - focal a chuireann síos ar an gcuardach a dhéanaimíd go léir ar fhiric éigean ar líne ag baint feidhme de ghnáth as an inneal cuardaigh, Google.
Tugaim dúshlán duit teacht ar fhocal nach bhfuil bunaithe ar ‘Google’ chun an fheidhm chéanna a chur i gcrích.
Some people who should know better claim Irish is a dead language because, they say, there are no new words in the language. Nothing could be further from the truth as new words are being coined as fast as new things are being made.