AG FIACH LINN...
TÁ an COVID tar éis ionsaí tréan a dhéanamh ar an gcultúr le cúig mhí anuas agus an oiread san imeachtaí curtha ar athló nó ar cheal ar fad.
Dramaí, ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlanna, léamhanna filíochta agus go leor, leor eile, buaileadh iad.
Ach anois tá aistroid ar bun agus ar thús chadhnaíochta, sa chéad líne chatha sa chogadh ar son an chultúir, tá oíche cheoil Jazz a bheidh ar siúl san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne oíche amárach, Dé hAoine. Oíche ar leith a bheidh ann agus beidh airdeal faoi chontúirt an víris i gceist.
Agus, thuas sa Ghaillimh, tá muintir Fibín tar éis teacht ar sheift iontach chun seó nua a chur ós ár gcomhair. Amharclann Tiomáin Isteach atá i gceist mar láthair don léiriúchán nua, Fiach.
Bhí an chéad léiriú de Fiach, dráma a chum Philip Doherty, stiurthóir ealaíne Fibín, ar siúl aréir agus gluaisteáin sa tóir ar a chéile ar scaileáin mhór a bhí in úsáid do léiriú ilmheáin ildánach.
Tá a dhóthain taithí agam ar léirithe Fibín chun a thuiscint go mbeidh seo speisialta agus táim ag súil go mór go mbeidh deis agam dul ann an tseachtain seo chughainn agus mé ar saoire. Is fiú a lua gur comhléiriú é seo leis An Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge.
Bhí trath ann nuair a bhíodh beagán searbhas le braistint uaim nuair a thabharfainn an chur síos sin do ach le blianta beaga anuas, agus Aodh Ó Coileáin, fear ón nDaingean ar ghrá leis an Ghaeilge agus an dhrámaíocht araon, ina chathaoirleach ann, níl aon baol ach go bhfuil an clú sin á shaothrú ag an amharclann sin anois.
Tá compántas eile ag déanamh éachtaí freisin chun amharclannaíocht a bheathú in am an ghátair agus is iad sin mo shean cháirde i mBéal Feirste, Aisling Ghéar.
Tá sraith monalógaí curtha le chéile acu, iad scríte ag údair den scoth agus togha na n-aisteoirí á leiriú don gceamra. Tá an bean a fuair buantonn sa ghruagadóir ann - buantonn, sin perm - ach thárla sé ar an lá deireannach roimh a bhris COVID amach agus anois níl cuma ró bhuan ná seasamhach ar a gruaig.
Go mBeire Muid Beo is ainm don sraith agus is fiú go mór é a lorg ar líne nó tá sé ar fáil ar a gcainéalacha éagsúla ar na meáin shoisialta.
Agus más eispearas beo atá uait, seachas eispearas ar líne eile, beidh sin ag tarlú sa chlós i dTigh Johnny Sheáin, béal dorais le TG4, as seo go deireadh na seachtaine seo chughainn!
Tabhair strac fhéachaint ar www.fibin.com chun a thuilleadh eolais a fháil.