The Corkman

Ag sú na gréine ar leithnis Uibh Ráthaigh

-

FÁN am a bheidh sibh á léamh seo beidh mise ar saoire cois trá, ag sú na gréine agus nithe eile nách gá a lua in Uibh Ráthach.

Is deas an rud é dul ar saoire, agus is cinnte go bhfuil sé de dhíth orm. Ní hé go bhfuil an obair atá ar bhun agam níos crua ná mar atá sé ag daoine eile – ach tá saoire tuillte agam an oiread is atá sé ag éinne.

Nílim imithe ró-fhada ó bhaile, agus is fearr arís é sin. Ní bheidh éinne ag dul ró fhada ó bhaile go ceann tamaill.

By the time you read this, I will be taking the sun on a beach on the Iveragh Peninsula.

I have been looking forward to this holiday for a while not because I’m working any harder than anybody else but, I suppose, that I feel I deserve it as much as anybody else.

We’re not going too far from home and that’s better again. I don’t suppose anybody will be going too far from home for a while.

Fé mar a tharlaíonn sé tá feachtas ar bhun faoi láthair ag Tascfhórsa Uibh Ráthaigh ag iarraidh ar daoine ‘relocation’ a dhéanamh den ‘staycation’.

Fuair mé amach le déanaí go bhfuil leagan glic Gaeilge ann le h-aghaidh ‘staycation’ – laethannta stay here-a. Ní dócha gur gá é sin a mhíniú.

Maidir le hUibh Ráthach, mura raibh mé cheana féin im chónaí i Múscraí, bheadh ana shuim agam dul chun cónaithe ann. An fharraige, an tírdhreach, an aer úr agus an Ghaeltacht. Deacair buachaint ar sin chomh fada agus a bhaineann sé liomsa.

As it happens the Údarás na Gaeltachta-backed Uibh Ráthach

task force is behind a campaign to get people to turn their staycation­s into relocation­s.

If I weren’t already living in Múscraí, I’d be very tempted to move to Uibh Rathach, given it’s by the sea, the stunning landscape, the really fresh air and the Gaeltacht all being on hand. That’s a combinatio­n which is hard to beat as far as I’m concerned.

Deir muintir an tascfhórsa go bhfuil buntáistí eile ag baint leis an saol siar ó dheas. Leathanbha­nda, tithíocht ar phraghas réasúnta agus eile – tá an t-eolas ar fad ar fáil ag @ IveraghTas­kForce.

Thairis sin, bead ag blaiseadh de shaibhreas agus de shúáilcí an cheantair as seo go ceann cúpla lá agus beimíd ag caint arís go luath. Anois cá bhfuil mo mhaidí gailf ?

 ??  ?? Radharc spreagúil ar Sceilig Mhichíl, oileán a bhí ag spreagadh na nGael i bhfad roimh ‘Star Wars’!
Radharc spreagúil ar Sceilig Mhichíl, oileán a bhí ag spreagadh na nGael i bhfad roimh ‘Star Wars’!
 ?? CONCUBHAR Ó LIATHÁIN coliathain@corkman.ie ??
CONCUBHAR Ó LIATHÁIN coliathain@corkman.ie

Newspapers in English

Newspapers from Ireland