The Corkman

Ar mhaith leat ról i Ros na Rún?

-

TÁ an Fómhar ag teacht agus ciallaíonn sin go mbeidh sraitheann­a nua de na sobail chughainn gan mhoill. Ní fheadar conas a chuirfidh siad san áireamh an COVID-19?

Tá áit ar leith ar sceideal TG4 ag Ros na Rún, an sobal dhráma – soap – atá ar an gcainéal ón mbliain a thosnaigh sé thiar i 1996. I mbliana beidh siad ag tabhairt faoin 25ú sraith.

Agus tá deis agat anois a bheith páirteach ann. Tá an sraith ag lorg daoine a bheadh páirteach sa sraith mar ‘extras’. Má tá tú os cionn 16, seol ríomhphost chuig extras@rosnarun.com leis na sonraí seo a leanas: d’uimhir ghutháin; grianghraf a tógadh duit le déanaí; dáta breithe agus seoladh poist; nó glaoigh ar 091-558400.

 ??  ?? Pól Ó Gríofa (Mack): Ann ón tús i 1996
Pól Ó Gríofa (Mack): Ann ón tús i 1996
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland